Committee Reports::Report No. 01 (1955) - Statutory Instruments ::10 March, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 10 Márta, 1955.

Thursday, 10th March, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Fearáin, Ó hEacháin, Mac Uidhir, Tadhg Ó Súilleabháin, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir an Orduithe den 20 Eanáir, 1955, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Rialacháin na dTithe (Tithe Nua) (Leasú), 1953 [I.R. Uimh. 420 de 1953].


Na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Athrú Táillí), 1954 [I.R. Uimh. 144 de 1954].


An tOrdú um an Ordú Ospidéal Meabhair-Ghalar (Oifigigh agus Seirbhísigh), 1946 (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 149 de 1954].


Na Rialacháin um Iostán Saothruithe (Ceannach) (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 171 de 1954].


An tOrdú um Im ina Rollaí, 1954 [I.R. Uimh. 175 de 1954].


An tOrdú um Im Uachtarlainne agus Boscaí Ime, 1954 [I.R. Uimh. 176 de 1954].


An tOrdú Ime (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 177 de 1954].


An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna Breise) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 178 de 1954].


Na Rialacháin Substaintí Ice (Táillí), 1954 [I.R. Uimh. 183 de 1954].


Rialacháin na nDruganna Dainséaracha (Táillí), 1954 [I.R. Uimh. 184 de 1954].


An tOrdú um an Ordú á Thoirmeasc Coiníní a Stóráil, 1954 (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 188 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Éanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach) (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 189 de 1954].


An tOrdú um Iompar Cruithneachtan 1954 [I.R. Uimh. 190 de 1954].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Bróga Troma Fear) (Uimh. 2), 1953 [I.R. Uimh. 317 de 1953].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1954 [I.R. Uimh. 182 de 1954].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Ordú na nEanacha Fiáine (Contae an Chláir), 1954 [I.R. Uimh. 167 de 1954].


(iv) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1954 [I.R. Uimh. 139 de 1954].


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. 1), 1954 [I.R. Uimh. 142 de 1954].


An tOrdú Cruithneachtan, 1954 [I.R. Uimh. 148 de 1954].


(v) D’ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann ionadaí a cheapadh chun teacht os combair an Choiste mar fhinné chun an ionstraim seo a leanas a mhíniú:—


Rialacháin na dTithe (Deontais d’Údaráis Tithe), 1954 [I.R. Uimh. 174 de 1954].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanaid Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Cóireála), 1954 [I.R. Uimh. 156 de 1954].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Sealadach). 1954 [I.R. Uimh. 157 de 1954].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 158 de 1954].


Na Rialacháin um Sheirbhísí Liachta Ginearálta (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 159 de 1954].


An tOrdú um an Aire Cosanta (Gníomhaireacht), 1954 [I.R. Uimh. 192 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Cúlghairm Páirteach), 1954 [I.R. 194 de 1954].


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibhe) (Leasú) (Uimh. 2). 1954 [I.R. Uimh. 197 de 1954].


Na Rialacháin Substaintí Ice (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 198 de 1954].


An tOrdú um Iompar Bainne, 1954 [I.R. Uimh. 205 de 1954].


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála), 1954 [I.R. Uimh. 207 de 1954].


An tOrdú um Bagún (Praghsanna Uasta), 1954 [Uimh. 208 de 1954].


Orduithe Cumhachta Práinne (Uimh. 157) (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 210 de 1954].


An tOrdú Leasaitheach um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 282), 1943 (Cuilteanna agus Clúdaigh Chuilte), 1954 [I.R. Uimh. 214 de 1954].


An tOrdú um an Ordú Cruithneachtan, 1954 (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 215 de 1954].


An tOrdú chun Onnmhuirithe a Rialú (Leasú) (Uimh. 1), 1954 [I.R. Uimh. 219 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um Imdháil Seithí agus Craicne, 1952 (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 220 de 1954].


An tOrdú um an Aire Cosanta (Gníomhaireacht) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 222 de 1954].


Na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí d’Athrú) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 223 de 1954].


Scéim Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 234 de 1954].


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 320) 1944 (Leasú um Thuaslagán Cúitsiúic), 1954 [I.R. Uimh. 236 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgi Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Uibhe d’Onnmhuiriú), 1952 (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 242 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 244 de 1954].


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Srian le hIm Uachtarlainne d’Usáid), 1942 (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 245 de 1954].


An tOrdú um Bagún (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 248 de 1954].


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Abhair Beatha), 1944 (Cúlghairm Airteagail 6), 1954 [I.R. Uimh. 260 de 1954].


Rialacháin na dTithe (Tithe Nua), 1954 [I.R. Uimh. 261 de 1954].


An tOrdú Toradh Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1954 [I.R. Uimh. 262 de 1954].


An tOrdú chun Onnmhuiriú a Rialú (Orduithe i dtaobh Oiseóla, Paisteanna Eisc agus Glóthán Eisc) (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 263 de 1954].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1954 [I.R. Uimh. 264 de 1954].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Táillí), 1954 [I.R. Uimh. 267 de 1954].


An tOrdú um an Aire Sláinte (Gníomhaireacht), 1954 [I.R. Uimh. 268 de 1954].


Na Rialacháin Idirlinne Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Sochar Pósta agus Sochar Máithreachais) (Ranníocóirí Saorálacha) (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 273 de 1954].


Na Rialacháin Idirlinne Leasa Shóisialaigh (Sochar Cóireála) (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 274 de 1954].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána (Uimh. 2), 1954 [I.R. Uimh. 278 de 1954].


Na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí d’Athrú) (Uimh. 3), 1954 [I.R. Uimh. 279 de 1954].


Na Rialacháin um Staidreamh Beatha, 1954 [I.R. Uimh. 280 de 1954].


Na Rialacháin um an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Rátaí Sochair Fhorlíontaigh a Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 290 de 1954].


Ordú na mBanc (Dúnadh), 1954 [I.R. Uimh. 292 de 1954].


(ii) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Chreimirí agus Insectivora (Srian le hAllmhuiriú), 1954 [I.R. Uimh. 114 de 1954].


An tOrdú um Chontae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath (Togh-Líomatáistí), 1954 [I.R. Uimh. 143 de 1954].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluíteacha) (Leasú), 1954 [I.R. Uimh. 155 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um Chóir Ghléasta Chniotálta Olla d’Allmhuiriú, 1952 (Cúlghairm), 1954 [I.R. Uimh. 186 de 1954].


An tOrdú chun Onnmhuirithe a Rialú, 1954 [I.R. Uimh. 193 de 1954].


Rialacháin na dTithe (Oibreacha Deisiúcháin agus Feabhsúcháin), 1954 [I.R. Uimh. 200 de 1954].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta (Onnmhúiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú); 1950 (Leasú Sealadach), 1954 [I.R. Uimh. 247 de 1954].


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.5 p.m.