Committee Reports::Report No. 02 (1956) - Statutory Instruments::07 March, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7 Márta, 1956.

Wednesday, 7th March, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Dubhglas, Ó Fearáin, Ó hEacháin, Mac Uidhir, Ó Síthigh-Sceimhealtún agus Breathnach.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Orduithe an 2 Samhain, 1955, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Scéim Cheannaigh Iostán Breise Cheantar Sláinte Contae Bhaile Atha Cliath, 1955, agus an tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Contae Bhaile Atha Cliath, 1955.


Ordú Chontae Chiarraighe (Scéim Cheannaigh Iostán), 1955, agus Scéim Cheannaigh Iostán Breise Cheantar Sláinte Contae Chiarraighe, 1954.


An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna Breise), 1955 [I.R. Uimh. 154 de 1955].


An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1955 [I.R. Uimh. 41 de 1955].


Ceathrú Scéim Cheannaigh Iostán Cheantar Sláinte Contae Chorcaighe Thiar (Ceadú), 1955, agus Ceathrú Scéim Cheannaigh Iostán Cheantar Sláinte Chontae Chorcaighe Thiar.


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Chomhairle Contae Mhuineacháin (Ceadú), 1955, agus Dóú Scéim Cheannaigh Cheantar Sláinte Contae Mhuineacháin, 1955.


An tOrdú um Scéim Cheannaigh Iostán Thiobrad Arann (An Trian Thuaidh) (Ceadú), 1955, agus Scéim Cheannaigh Cheantar Sláinte Thiobrad Arann (An Trian Thuaidh) (Iostáin Bhreise), 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 220, 1955.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.Ó.É. Ct. 5— Leasuithe. Leasú Uimh. 35.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 6. An Slua Muirí.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 2. An Cúltaca Fear (An Chéad Líne).


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne). R.Ó.É. Ct. 1—Leasuithe. Leasú Uimh. 20.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.Ó.É. Ct. 5— Leasuithe. Leasú Uimh. 37.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Araíonacht. R.Ó.É. A. 7—Leasuithe. Leasú Uimh. 19.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 140.


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú), 1955 [I.R. Uimh. 181 de 1955].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Lá Toghcháin, 1955), 1955 [I.R. Uimh. 153 de 1955].


Rialacháin an Gharda Shíochána (Ordú Céime) (Uimh. 2), 1955. [I.R. Uimh. 185 de 1955].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 210, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 211, 1955.


An tOrdú um [Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 212, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 213, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 214, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 215, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 216, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 217, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 218, 1955.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) Uimh. 219, 1955.


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Rialacháin an Gharda Shíochána (Ardú Céime) (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 185 de 1955].


An tOrdú um an Aire Sláinte (Gníomhaireacht), 1955 [I.R. Uimh. 152 de 1955].


An tOrdú Plúir agus Mine Cruithneachtan, 1955 [I.R. Uimh. 104 de 1955].


(iv) D’Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis na hionstraimí seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na n-ionstraim:—


Na Rialacha chun Príosúin a Rialú, 1955 [I.R. Uimh. 127 de 1955].


Rialacháin i dtaobh Tomhas agus Griangrafach Príosúnach, 1955 [I.R. Uimh. 114 de 1955].


(v) Beartaíodh: Go gcuirfear ar athló tuilleadh breithnithe ar an meabhrán ón Roinn Leasa Shóisialaigh a bhaineas leis na trí hionstraimí seo leanas:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Forluiteacha) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 142 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Forluiteacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1955. [I.R. Uimh. 145 de 1955].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta agus Forála Ilghnéitheacha) (Idirlinn) (Leasú), 1955 [I.R. Uimh. 92 de 1955].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an fiche naoi ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Páigh Thalmhaíochta (Rátaí Iosta), 1955 [I.R. Uimh. 162 de 1955].


An tOrdú fán Ordú um Páigh Thalmhaíochta (Rátaí Iosta), 1954 (Cúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 161 de 1955].


Na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1955 [I.R. Uimh. 24 de 1955].


An tOrdú Aráin (Praghsanna), 1955 [I.R. Uimh. 164 de 1955].


An tOrdú um Rialacháin Bhord Soláthair an Leictreachais (Athruithe ar Sholáthar), 1955, Daingniú, 1955 [I.R. Uimh. 55 de 1955].


An tOrdú um Shiopaí Eadaitheoireachta agus Coisbhirt (Uaire Trádála ar Laethe Seachtaine) (Ceantar Uirbeach Bhéal Atha na Slua), 1955.


(ii) D’ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:


Na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1955 [I.R. Uimh. 210 de 1955].


Barántas Leasuithe an Bheart-Phoist Choigríche (Uimh. 2), 1955 [I.R. Uimh. 221 de 1955].


An tOrdú um an Ordú Praghas Mion-Díola (Taispeáint) (Uimh. 1), 1938 (Cúlghairm), 1955 [I.R. Uimh. 182 de 1955].


An tOrdú Praghasanna Mionreaca (Taispeáint), 1955 [I.R. Uimh. 183 de 1955].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Príntíseacht agus Oideachas), 1955 [I.R. Uimh. 217 de 1955].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe, 1955 [I.R. Uimh. 218 de 1955].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 20 (2)) (Eisiamh), 1955 [I.R. Uimh. 171 de 1955].


An tOrdú um Límistéir Táirgthe Síolta (Biatas Siúcra) agus Toirmeasc ar Phlandaí, 1955 [I.R. Uimh. 203 de 1955].


Na Rialacháin Telex, 1955 [I.R. Uimh. 229 de 1955].


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 271 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1955 [I.R. Uimh. 272 de 1955].


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1956 [I.R. Uimh. 15 de 1956.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Araíonacht. R.Ó.É. A. 7.—Leasuithe. Leasú Uimh. 19.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Araíonacht. R.Ó.É. A. 7.—Leasuithe. Leasú Uimh. 20.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.Ó.É. Ct 5— Leasuithe. Leasú Uimh. 35.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Fórsa Cosanta Áitiúil. R.Ó.É. Ct. 5— Leasuithe. Leasú Uimh. 37.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 140.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 143.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Páigh agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. R. 3.—Leasuithe. Leasú Uimh. 146.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. An Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) R.Ó.É. Ct. 1. Leasú Uimh. 20.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 6. An Slua Muirí.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Ct. 2. (An Cúltaca Fear) (An Chéad Líne).


Rialacháin Óglaigh na hÉireann. C. 2. Éadach—Cuid I. (Fir de na Buan-Óglaigh) (Lena n-áirítear Daltaí).


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m.