Committee Reports::Report No. 03 (1954) - Statutory Instruments::23 June, 1954::Report

AN TRÍÚ TUARASCÁIL

1. Baineann an Tuarascáil seo le caoga agus seacht (57) ionstraim a scrúdaíodh ó dháta na Dara Tuarascála ón gCoiste dár dáta an 21ú Aibreán, 1954.


2. Ní dhealraíonn sé go bhfuil aon chúis ann chun aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon cheann de na caoga agus seacht (57) ionstraim a scrúdaíodh i leith foras (i) go (iv) go huile de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha.


3. Maidir le foras (vi) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha (eadhon, go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú) is é tuairim an Choiste gur ceart aird Sheanad Éireann a dhíriú ar an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 277), 1943 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 419 de 1953), nach dtugann sa teideal ná sa téacs aon leide ar an ábhar atá i dtrácht ann.


4. Tá an Coiste á chur in iúl athuair go mbhfiú go mór meabhrán gearr mínithe a bheith ag gabháil le hionstraim chasta, go speisialta le hionstraim nach léir a cuspóir ón téacs, chun go mbeadh éifeacht na hionstraime so-thuigthe ag an gcuid sin den phobal lena mbainfeadh sí nó a chuirfeadh suim inti. Thug an Coiste dá n-aire cás amháin den tsórt sin a bhí ann le déanaí, eadhon, na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta agus Forála Ilghnéitheacha) (Idirlinn) (Leasú), 1954 (I.R. Uimh. 124 de 1954), mar ar mhór an chabhair chun na Rialacháin a léiriú an meabhrán mínithe a cuireadh ar fáil. Thug an Coiste dá n-aire freisin dhá chás a bhí ann le déanaí, eadhon, na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1953 (I.R. Uimh. 375 de 1953), agus na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibhe) (Leasú), 1954 (I.R. Uimh. 64 de 1954), nach bhféadfaí a léiriú gan tagairt do mhórchuid ionstraimí agus reacht a rinneadh roimhe sin, agus is é a dtuairim gur cheart meabhrán minithe a chur leis an dá ionstraim sin.


(Sínithe) GEORGE O’BRIEN,


Cathaoirleach.


23ú Meitheamh, 1954.