Committee Reports::Report No. 03 (1954) - Statutory Instruments::23 June, 1954::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

29ú Iúil, 1948:—Beartaithe, (1) Go gceapfar Rogha-Choiste, a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta, chun breithniú a dhéanamh ar gach Riail, Ordú nó Rialachán Reachtúil a leagfar, nó a leagfar ina dhréacht, os comhair Sheanad Éireann de bhun ceanglais reachtúil d’fhonn a chinneadh ar cheart aird speisialta an tSeanad a dhíriú chuige ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:—


(i) go bhforchuireann sé muirear ar an ioncaim poiblí nó go bhfuil ann forála á cheangal íocaíochta a dhéanamh leis an Stát-Chiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon tseirbhísí a bheas le déanamh nó go n-ordaíonn sé méid aon mhuirir nó íocaíocht den tsórt sin;


(ii) go ndearnadh é de bhun aon achtacháin a bhfuil ann forála sonracha á eisiamh ó agóid sna Cúirteanna gach tráth nó tar éis deireadh tréimhse sonraithe;


(iii) go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á déanamh aige de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh é;


(iv) go n-airbheartaíonn sé éifeacht chúl-ghabhálach a thabhairt do Rialachán, Riail nó Ordú nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin d’fhoráil:


(v) go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena fhoilsiú nó lena leagadh os comhair an Tí;


(vi) go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú.


(2) Go mbeidh:—


(a) naonúr comhalta ar an Rogha-Choiste, triúr acu do dhéanamh córaim;


(b) cumhacht acu chun suí d’ainneoin aon atráthú ar an Seanad agus chun tuarascáil a thabhairt ó am go ham;


(c) cumhacht acu chun a cheangal ar aon Roinn Rialtais áirithe meabhráin a thabhairt ag míniú aon Rialach, Orduithe, Rialacháin nó Dréacht a bheas faoi bhreithniú ag an gCoiste nó ionadaí a cheapadh chun teacht ina láthair mar Fhínné d’fhonn aon Riail, Ordú, Rialachán nó Dréacht den tsórt sin a mhíniú.


(3) Go mbeidh de dhualgas ar an gCoiste, sar a dtabharfaid tuarascáil gur cóir aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon Riail, Ordú, Rialachán nó Dréacht, caoi a thabhairt d’aon Roinn Rialtais lena mbainfidh, pé mínithe, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt is oiriúnach leis an Roinn, agus beidh ag an gCoiste cumhacht chun aon mheabhráin a cuireadh faoina mbráid nó aon fhianaise eile a fuaireadar ó aon Roinn Rialtais, ag míniú aon Rialach, Orduithe, Rialacháin, nó Dréacht, a thuairisciú don Tigh ó am go ham.


(4) Agus beidh de dhualgas ar Chléireach Sheanad Éireann pé cúnamh cléireachais nó pé cúnamh agus saoráidí eile a theastós ón gCoiste a chur ar fáil dóibh.


7ú Samhain, 1951:—Beartaithe, Go ndéanfar Rogha-Choiste um Ionstraimí Reachtúla, ag a mbeidh tearmaí tagartha agus cumhachta mar atá leagtha amach san Ordú ó Sheanad Éireann dar dáta an 29ú Iúil, 1948, maidir le ceapadh Rogha-Choiste ar Rialacha, Orduithe agus Rialacháin Reachtúla a cheapadh chun gach Ionstraim Reachtúil a leagfar nó a leagfar ina dhréacht os comhair Sheanad Éireann a breithniú; go mbeidh an Rogha-Choiste comhdhéanta na naonúr comhaltaí a bheas le toghadh ag an gCoiste Roghnaitheoireachta agus gur leor triúr acu mar chóram.


SEANADÓIRÍ D’AINMNIGH AN COISTE ROGHNAITHEOIREACHTA DON CHOISTE.


21ú Samhain, 1951:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Seanadóirí Ó Fearáin, Mac Siomáin, Ó hEacháin, Ó hEichthigheirn, Mac Uidhir, Mac Aodha, Ó Briain, Ó Ciosáin agus Seán Ó Donnabháin.