Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::18 February, 1954::Report

TUARASCÁIL

CUID I.—NOTAÍ GINEARÁLTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DÁR DÁTA 2ú DEIREADH FÓMHAIR, 1953.

Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

1. Tugann an Coiste dá n-aire go bhfuil an gléasra dreidireachta díolta anois ar £10,111, agus, mar sin de, gur tuairim £2,400 an caillteanas a bhain leis an gcúrsa ar fad.


Athrú ar na Meastacháin.

2. Tugann an Coiste dá n-aire na fáthanna ar fearr leis an Aire format láithreach fho-mhírchinn B. den Mheastachán le haghaidh Oibreacha Poiblí agus Foirgintí. Is é a dtuairim, ámh, go mba chóir an t-eolas mionchruinn a tugtaí roimhe seo faoi fho-mhírcheann B. a bheith ar fáil don Dáil nuair a bhíos na Meastacháin á mbreithniú. Bheadh áthas orthu, dá bhrí sin, dá ndéantaí an ghné seo den scéal a bhreithniú.


Aoisliúntais agus Liúntais Scoir.

Cé nach bhfuil an Coiste dearfa ar fad go mbeadh sé míréasúnach a cheangal ar oifigeach dár dámhadh cnapshuim faoi na hAchta Aoisliúntais an chnapshuim d’fhorghéilleadh ar atosnú dhó ar fhostaíocht inphinsin, toisc cásanna den tsaghas sin a bheith neamhghnáthach, agus, mar gheall ar go ndúirt an tAire gur sean-nós é ligint an chnapshuim a choimeád agus nach bhfuil sé contrártha do na hAchta Aoisliúntais, ní mian leo dul níos sia leis an scéal.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

4. Is maith leis an gCoiste a chlos gur deimhin leis an Aire nach raibh an obair a rinneadh ar an scéim chun ceardlanna a dhéanamh i gCluain Dolcáin míshásúil suas go dtí an t-am ar héiríodh as, agus, nach dóigh, mar gheall ar úsáid eile a baineadh as an suíomh, gur caiteachas amú, an £9,000, beagnach, a bhain leis.


Rialtas Aitiúil.

5. Tugann an Coiste dá n-aire go bhfuil beart á dhéanamh chun an scéal maidir le modh ríofa na ranníoc neamhreachtúla is iníoctha le húdaráis áitiúla mar shlánú ar na muirir iasachta breise de dheasca an arduithe ar an ráta úis ar iasachta áirithe a heísítear as Ciste na nIasachtaí Aitiúla a rialáil. B’áthas leo go gcuirfí in iúl dóibh é, in am tráth, nuair a bheas cinneadh déanta maidir leis an gcúrsa seo.


CUID II.—CUNTAIS AIRITHE.

Gnothaí Coigríche.

6. Bunaíodh an Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach i 1950 faoin Acht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949, agus bhí £75,000 san iomlán airleactha, an 31ú Márta, 1952, leis an nGníomhaireacht faoi Alt 11 (1) den Acht as airgead a vótáladh. Forálann Alt 11 (2) go ndéanfar airleacana a tugadh don Ghníomhaireacht d’aisíoc ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfas an tAire Gnóthaí Eachtracha is cuí, le toiliú an Aire Airgeadais. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil an Ghníomhaireacht, ó bunaíodh, í, á reachtáil ar chaoi go gcailltear airgead léi, agus, dá bhrí sin, nár cinneadh téarmaí agus coinníollacha maidir le hairleacana d’aisíoc, agus, freisin, chomh fada agus dob fhéidir a thuar, go mbeadh an Ghníomhaireacht ag cailliúint airgid go ceann roinnt bhlianta fós. Mothaíonn an Coiste, ámh, nach ceart ligint do na hairleacana carnadh ó bhliain go bliain gan aon fhoras aisíoca a chinneadh. Ag féachaint do na forála reachtúla, is dóigh leo, fiú amháin nuair nach bhfuil aon tseans faoi láthair go n-aisíocfaidh an Ghníomhaireacht aon airgead, gur ceart téarmaí agus coinníollacha aisíoca airleacan gach bliana a chinneadh a luaithe is féidir é, agus, ar aon chor, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.


Eolaíocht agus Ealaí.

7. Fuarthas bailiúchán de bhoinn a bhain le hOglaigh na hÉireann don Mhúsaem Náisiúnta ar £935 san iomlán, ar muirearaíodh £685 de ar fho-mhírcheann speisialta a hoscladh le toiliú na Roinne Airgeadais, agus níor muirearaíodh ach £250 ar chuntas an deontais-i-gcabhair chun samplaí a cheannach cé go raibh £299 d’iarmhéid fágtha sa chuntas seo i ndeireadh na bliana airgeadais. Dúradh i nóta a bhí leis an meastachán go ndéanfaí eisiúna as an deontas-i-gcabhair d’íoc isteach i gcuntas an taisce deontais-i-gcabhair iomchuí agus nár dhlite aon mhéid a d’fhanfadh gan chaiteamh as na suimeanna a heisíodh i rith na bliana airgeadais a thabhairt suas i ndeireadh na bliana sin. Is maith a haitheantar nach bhfuil aon chumhacht ag an Roinn Airgeadais a údarú go n-úsáidfí airgead a sábháltar ar ghnáthfho-mhírchinn vóta do mhéadú fho-mhírchinn deontais-i-gcabhair nach bhfuil faoi réir na gnáth-rialach maidir le haon iarmhéid gan chaitheamh a thabhairt suas, ach ní coisctear ar an Roinn, má bhíonn éigeandáil ann agus an ciste deontais-i-gcabhair caite, ó a údarú go ndéanfaí airgead a sábháltar ar fho-mhírchinn eile den vóta a chur chun ní áirithe a cheannach agus fo-mhírcheann faoi leith d’oscailt chun an caiteachas a thaifeadadh. Is é tuairim an Choiste nach ceart feidhm a bhaint as an nós imeachta seo ach amháin nuair nach féidir, mar gheall ar dheífir, údarás Dháil Éireann d’iarraidh chun fo-mhírcheann an deontais-i-gcabhair a mhéadú.


Cuireadh in iúl don Choiste gur mór an cheataí maidir le ceannach don Mhúsaem an deontas-i-gcabhair a bheith coimeádta chomh híseal agus atá faoi láthair, is é sin, £500, agus nach inmhianuithe, ar aon chor, ó thaobh na mBailiúchán Náisiúnta, an t-airgead go léir a chaitheamh agus gan aon ní d’fhágaint ar láimh mar gur gá airgead a bheith ar fáil go réidh le níthe riachtanacha a cheannach, agus is minic a éiríos riachtanas gan coinne a bheith leis. Ní féidir leo glacadh leis an leagan amach sin mar nach léir dóibh aon fháth nár bhféidir údarás na Roinne Airgeadais d’fháil go tapaidh chun fo-mhírcheann speisialta d’oscaílt dá mbeadh práinn leis chun ceannach a chríochnú.


Tionscal agus Tráchtáil.

8. Bhreithnigh an Coiste an cúnamh airgid a híoctar le Grain Importers (Éire) Ltd. le praghas an phlúir a rialú agus le tuilleamh tionscal na muilleoireachta a rialáil, tuilleamh atá bunaithe ar chéatadán de fhigiúir chomhaontaithe a sheasas don chaipiteal bunaidh a bhíos á úsáid maraon leis an gcostas a ghabhas le caipiteal sealadach de bhreis ar an bhfigiúir chomhaontaithe a sholáthar. Dhealraigh sé go bhfuair muilleoirí an gar sealadach go haonarach tríd na Bancanna ar na gnáth-rátaí tráchtála, agus dob ó 4.63% go 4.87% do na meánrátaí a héilíodh sa tréimhse ó 1942-43 go 1949-50, agus fiafraíodh nár bhféidir téarmaí níos sásúla d’fháil, ó tharla go raibh íoc an úis, go hiarbhír, faoi ráthaíocht Stáit. Cuireadh in iúl don Choiste nár pléadh an cás mar sin leis na Bancanna mar nár thug an Stát ráthaíocht foirmeáilte riamh. Is é a dtuairim, ámh, ós rud é gurb é an Stát, a bhí ag glacadh freagrachta deiridh maidir le híoc an úis, go mba chúrsa é sin a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a théarmaí dheonta na n-iasacht. Molaid go mb’fhéidir gur cheart do na Ranna lena mbaineann an ghné seo den chúrsa tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar an ngné sin.


9. I meastachán bunaidh an vóta do Bhord Cuartaíochta na hÉireann do 1951-52 a bhí faoi chuntas Oifige an Aire Airgeadais soláthraíodh deontas-i-gcabhair £45,000, is é sin, an uasmhéid is iníoctha leis an mBord in aon bhliain airgeadais áirithe faoi Alt 15 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939. Do híocadh an tráthchuid deiridh den deontas seo i Meán Fómhair, 1951. Soláthraíodh deontas breise £27,000 i Márta, 1952, trí Mheastachán Forlíontach, agus taispeánadh ar aghaidh an Mheastacháin go ndéanfaí íocaíochtaí as an vóta de bhreis ar an tórainn a sonraítear in Alt 15 d’Acht 1939, a raibh Bille chun a leasuithe os comhair Dháil Éireann an tráth sin. Foráileadh, inter alia, leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952, a hachtaíodh in Iúil, 1952, go n-íocfaí leis an mBord, in aghaidh na bliana airgeadais dár chríoch an 31ú Márta, 1952, pé suímeanna, nár mhó ná £27,000, a theastódh ón mBord de bhreis ar na suimeanna a soláthraíodh faoi Alt 15 d’Acht 1939.


Díríodh aird an Choiste ar airleacain £10,000 agus £7,000 a thug an Roinn Tionscail agus Tráchtála do Bhord Cuartaíochta na hÉireann agus d’Fhógra Fáilte, faoi seach, cé nach raibh aon tsocrú sna vótaí a cuireadh i gcuntas na Roinne sin chun airleacana a thabhairt do na Comhluchta sin. D’aisíoc an Bord na hairleacana sin tar éis dó an deontas breise £27,000 d’fháil a cuíreadh ar fáil sa Mheastachán Forlíontach. Luaigh oifigeach cuntasaíochta an vóta le haghaidh Tionscail agus Tráchtála gur cuireadh in iúl don Bhord i Meitheamh, 1951, le comhaontú na Roinne Airgeadais, go bhféadfadh sé dul ar aghaidh ar an tuiscint go gcuirfí airgead breise ar fáil roimh dheireadh na bliana airgeadais, agus, freisin, go ndearnadh Bille chun cúnamh airgid breise chun críocha tráchta chuartaíochta a thabhairt isteach sa Dáil i dtús 1951 agus gur measadh é bheith riachtanach airgead a thabhairt don dá Chomhlucht chun a chumasú dhóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go dtí go dtabharfaí isteach meastachán forlíontach. Dhearbhaigh sé, ó ba rud é gur tugadh geallúint phoiblí agus go gur tugadh na hairleacana le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála agus go bhfios don Rialtas, nach raibh sa nós imeachta a leanadh ach neamhrialtacht teicniúil.


Ní féidir leis an gCoiste glacadh leis an tuaírim seo. Is dóigh leo, ó tugadh geallúint phoiblí chomh fada siar le Meitheamh, 1951, go raibh neart ama ag an Roinn le socrú a dhéanamh chun go dtabharfaí meastachán forlíontach isteach roimh dháta na n-airleacan. Murar bhféidir, ar chúis ar bith, seo a dhéanamh, d’fhéadfaí an t-airgead a bhí ar fáil sa Chiste Teagmhais d’úsáid. Ar aon nós, ba le hOifig an Aire Airgeadais, ar ar a gcuntas a bhraith an vóta do Bhord Cuartaíochta na hÉireann san am, a bhí de fhreagracht socrú a dhéanamh chun airgead a sholáthar le haghaidh cuartaíochta. Ag féachaint do na cúinsí uile, ba mhaith leis an gCoiste a mbarúil a thaifeadadh, eadhon, an úsáid sealadach a rinne an Roinn Tionscail agus Tráchtála d’iarmhéideanna roinne chun na críche sin, nach féidir gan féachaint air mar neamhrialtacht tromaí.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

10. Rinne an Coiste um Chuntais Phoiblí, ina dtuarascáil, dár dáta an 26ú Feabhra, 1951, ar na Cuntais Leithreasa don bhliain 1950-51, tagairt don scéal mar bhí maidir leis an inneallra agus na stóir atá ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí le húsáid ar scéimeanna dréineála airtéirigh nach ndearnadh aon stocáireamh ar an inneallra agus na stoic sin ó 1947, agus chuireadar in iúl go soiléir a thábhachtaí atá sé seiceáil a dhéanamh ó am go ham ar stóir chun leor-rialáil d’áirithiú. Tá curtha in iúl don Choiste anois go bhfuil taifid na stóras scríofa isteach agus go bhfuiltear ag gabháil do chomhaireamh corpartha na stór. Thug an Coiste faoi deara gurb é míniú an Oifigigh Chuntasaíochta gurbh é cúis na moille a bhain leis an obair seo a chríochnú ganntanas cóiríochta, ganntanas foirne, agus mear-leathnú na hoibríochta siltin, ach ní deimhin fós don Choiste nár bhféidir stocáireamh corpartha na stór luachmhar agus an ghléasra luachmhair seo a dhéanamh ní ba thapúla. Tá súil ag an gCoiste go gcríochnófar an obair seo go luath agus go gcuirfear a thoradh in iúl dóibh i dtráth chuí.


Poist agus Telegrafa.

11. Cuireadh in iúl don Choiste gur bearnaíodh an tseirbhís iarnróid le haghaidh iompar litreach de dheasca na páirt-stailce iarnróid a bhí ar siúl ón 18ú Nollaig, 1950, go dtí an 1ú Feabhra, 1951, ach nach ndearnadh aon choigeartú dá réir ar an íocaíocht bhliantúil a tugtar do Chóras Iompair Éireann as an tseirbhís sin. Dealraíonn go raibh an conradh foirmeáilte leis an gComhlucht sin imithe as éifeacht ó 1941 de dheasca deacrachtaí na tréimhse éigeandála agus gur ar chomhfhreagras litreacha a bhí na socruithe bunaithe ó shoin agus é tuigthe go ndéanfaí aithbhreithniú ar an tsuim bhliantúil dob iníoctha dá dtarlaíodh aon mhéadú nó aon laghdú ábhartha sa tseirbhís a sholáthródh an Chuideachta. Sa chás seo measadh go mbeadh an tsuim d’fhéadfaí d’éileamh as neamh-sholáthar an tseirbhís iarnróid d’fhágaint gan soláthar i rith tréimhse na stailce ar comhthrom, bunáite, le frithéileamh na Cuideachtan ar chostas na seirbhíse bóthair a chuir sí ar fáil ina hionad sin, agus d’aontaigh an Roinn Airgeadais nár ghá aon choigeartú ar an íocaíocht bhliantúil a dhéanamh sna himthosca sin.


Cé nach bhfuil tada á chur ag an gCoiste in aghaidh an ruda a rinneadh, chítear dóibh gurb inmholta, i gcás seirbhíse leanúnaí chomh mór sin, go léireofar go cinnte seasamh na bpáirtithe ó thaobh conartha dhe, agus tá súil ag an gCoiste go ndéanfar conradh foirmeáilte a thúisce is caothúil sin.


Cosaint.

12. Bhreithnigh an Coiste cúrsa ar tagraíodh dó sa tuarascáil ar na cuntais don bhliain 1947-48, is é sin, baill éadaigh agus trealamh atá i seilbh athchomhaltaí den Fhórsa Cosanta Aitiúil d’fháil ar ais agus gan rialacháin a bheith ann ag rialú eisiúint agus rialáil éide an Fhórsa. Tá nótaithe ag an gCoiste go bhfuil na dréacht-rialacháin faoi bhreithniú fós, go bhfuil deacrachtaí ag baint fós le héide agus trealamh d’fháil ar ais, agus gur mó ná £15,000 luach measúnaithe na nithe atá gan fáil ar ais fós ó chomhaltaí a hurscaoileadh nó ar scor dá n-éifeacht sna blianta 1946 go 1951 go huile. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nárbh aon chuid de chúis na cailliúna sin easpa rialachán, agus nach intseachanta a leithéid de chailliúint in eagrais shaorálacha. Cé go nglacann an Coiste leis an tuairim sin, chítear dóibh fós nach foláir rialacháin fhoirmeáilte a bheith ann faoi gach a mbaineann le cúrsaí eisiúna agus rialála éide don Fhórsa Cosanta Aitiúil, agus tá súil acu go bhféadfar na rialacháin den tsórt sin a chur i gcrích go luath.


13. Níor tiomsaíodh fós rolla de na maoineanna Stáit a riaraíos an Roinn Cosanta, ná ní dhearnadh socrú fós go siúilfí gach maoin acu sin go tráthrialta. Rinne an Coiste tagairt cheana, ina dtuarascáil ar na cuntais don bhliain 1936-37, do rolla den tsórt sin gan bheith ann nuair a cuireadh in iúl dóibh go raibh an Roinn Airgeadais ag breithniú na freagrachta a ghabhas le riarachán tailte agus foirgintí Stáit atá ar áitiú ag an Roinn Cosanta ach atá dílsithe in Oifig na nOibreacha Poiblí. Tuigtear don Choiste anois nach bhféadfaí socruithe cuí a dhéanamh le rolla a thiomsú nó go mbeadh achtú déanta as Bhille Maoine Stáit, a bhí beartaithe agus a raibh sé beartaithe cumhacht a ghlacadh leis chun na tailte a dhílsiú san Aire cuí Stáit. Os baolach go bhféadfaí airgead poiblí a chailliúint de dheasca gan lán-rolla maoine a bheith ann ná na maoineanna a shiúl go tráthrialta, chítear don Choiste gur chóir dícheall a dhéanamh chun an cúrsa a thabhairt chun rialtachta go luath.


Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Difhostaíochta.

14. Cuireadh in iúl don Choiste nár bhfiú a thoradh é an costas a ghabh leis an iníúchadh inmheánach a rinne an Roinn Leasa Shóisialaigh ar chúnamh dífhostaíochta agus sochar dífhostaíochta, agus gur scoireadh den iniúchadh sin agus go rabhthas ar tí glacadh ina ionad le córas meicniúil rialuithe agus seiceála a measadh a bheadh níos éifeachtaí agus níos saoire. Cuireadh in iúl freisin don Choiste go ndéantar cigireachtaí triaileacha ar gach malartán fostaíochta agus brainse-oifig fhostaíochta trína ndéantar géar-scrúdú ar íocaíochtaí cúnamh dífhostaíochta agus sochar dífhostaíochta. Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mbraitheann cineál agus réim an iniúchta a dhéanann seisean ar scrúduithe roinne agus, dá mbeadh an córas rialuithe nua chomh maith agus a bhí súil ag an Oifigeach Cuntasaíochta a bheadh, go mbeadh an cúrsa sásúil óna thaobhsan de. Is maith leis an gCoiste na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun na costais riaracháin roinne a laghdú, agus tá súil acu go gcuirfear an córas nua i lán-fheidhm a luaithe is féidir.


Seirbhísí Leasa Shóisialaigh Ilghnéitheacha.

15. Faoi na hAchta Oideachais (Béilí a Sholáthar), 1914 go 1930, aisíoctar le húdaráis áitiúla leath an ghlan-chaiteachais faoina raghaid ag soláthar béilí do leanaí a fhreastalaíos scoileanna náisiúnta ina gceantair, ar choinníoll gur do réir na rialachán reachtúla cuí a chuathas faoin gcaiteachas sin. Ríomhtar an glan-chaiteachas tríd na suimeanna a gheibhtear mar ranníoca ó thuismitheoirí nó ó fhoinsí príobháideacha a bhaint as an mór-chaiteachas. Deir Airteagal 8 de na rialacháin nach ndéanfar bia a sholáthar in aisce ach do leanaí nach dtig lena dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí an bia a sholáthar as a n-acmhainn féin ná cabhrú le costas a sholáthair d’íoc. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh an tAirteagal in éifeacht fós ach nach raibh sé á chur i bhfeidhm go coitianta toisc a dheacra a bhí sí tástáil maoine a dhéanamh, agus nach mbailítear mar íocaíocht as béilí ach miontsuimeanna, corr-uair, i gcorr-cheantar. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh an cúrsa seo faoi bhreithniú i gcomhar leis an bpríomh-údarás áitiúil agus, dá dtuigfí nárbh inbhailithe ranníoca, gur dóigh go raghadh an tAire Leasa Shóisialaigh i mbun an scéal a réiteach go dlíthiúil trí leasú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann anois. Chítear don Choiste go mba chóir féachaint roimhe seo le réiteach fadhb na deacrachta a bhaineas le hAirteagal 8 a chur i bhfeidhm, agus gur chóir é ghlacadh ina chúrsa práinne anois cé acu a déanfar na rialacháin a chur i bhfeidhm go hiomlán nó iad a leasú.


Talmhaíocht.

16. I mí Márta, 1951, rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, ag gníomhú dhóibh mar ghníomhairí don Roinn Talmhaíochta, sé thochailteoir d’ordú le húsáid ar oibreacha feabhsúcháin aibhneacha áirithe a bhíodar le gabháil de láimh i leith Thionscadail Athinmheachain na Talún. Fuarthas ceithre tairiscintí innill oiriúnacha a sholáthar ar shuimeanna ó £30,936 go £51,125. Mar gheall ar go mba é mian an Aire Thalmhaíochta go raghfaí ar aghaidh a thapúla dob fhéidir leis na hoibreacha sin, glacadh leis an tairiscint dob airde acu sin, mar go mba é an t-aon tairiscint faoinar foráladh go gcríochnófaí an seachadadh chomh luath le Bealtaine, 1951. Ní dhearnadh, ámh, an chéad inneall a sheachadadh go dtí Deireadh Fómhair, 1951, agus is sa Bhealtaine, 1952, a seachadadh an séú ceann. Tugann an Coiste faoi deara nach bhfuair an tAire Talmhaíochta, go dtí Feabhra, 1952, tuarascáil na gComisinéirí ar an réamh-shuirbhéireachta innealltóireachta a rinneadh ar na hoibreacha feabhsúcháin abhann, agus gur chinn sé, mar gheall ar na costais a measadh do na hoibreacha, an obair a chur ar atráth nó go ndéanfaí tuilleadh breithnithe. Cinneadh dá éis sin an gléasra d’úsáid ar na scéimeanna dréineála a bhí ar siúl ag na Coimisinéirí faoin Acht Siltin Airtéirigh, 1945. Ní féidir, ámh, leis an gCoiste a ghlacadh gur sásúil an ní é gur luadh práinn mar fhoras chun glacadh leis an tairiscint dob airde nuair nach raibh pleananna baol ar bheith ullamh chun tosnú ar an obair. Tá sé gaibhte ó thuiscint orthu cén fáth ar measadh gur ghá na hinnill d’ordú le seachadadh sa Bhealtaine, 1951, nuair nár bhféidir an tuarascáil ar an réamhshuirbhéireacht a rinneadh ar na hoibreacha agus an meastachán ar na costais a chur ar fáil go dtí Feabhra, 1952.


17. Faoi rialacháin a rinne an tAire Talmhaíochta sa Bhealtaine, 1950, faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924, hordaíodh saghas áirithe fillteáin d’eiseodh an tAire le húsáid ag uachtarlanna cláraithe le him d’fhilleadh ann a díolfaí le cois na ciondála. Cé gur cinneadh an 4ú Bealtaine, 1951, scor de na fillteáin oifigiúla d’eisiúint, rinneadh ordú a heisíodh chun Oifige an tSoláthair naoi dtonna páipéir pháraithe a sholáthar a dhaingniú an 31ú Bealtaine, 1951, agus heisíodh ordú i mí na Samhna ina dhiaidh sin, 2½ milliún fillteán a chlóbhualadh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur cinneadh sealadach a rinneadh an 4ú Bealtaine, 1951, agus gurb é a laghad ime bhí ar stoc ba chúis leis. Rinneadh iarrachtaí ar im coigríche d’fháil agus bhí sé beartaithe tosnú athuair ar dhíol le cois na ciondála dá mbeadh sáith ime ar láimh ionas go bhféadfaí sin a dhéanamh, ach, sarar bhféidir sin a dhéanamh, gur chraol an tAire Airgeadais ina Cháinaisnéis, an 2ú Aibreán, 1952, go scoirfí d’im a chiondáil ón 5ú Iúil, 1952. Cuireadh in iúl don Choiste gur fhan 30 tonna páipéir pháraithe a chosain £9,541, agus tuarim is 3¼ milliún fillteán clóbhuailte ar láimh tar éis deireadh a chur le ciondáil an ime, agus, cé gur dhóigh go mb’éasca an pár a dhíol, go mb’fhéidir go mba dheacair na fillteán a dhiúscairt. Cé go dtuigeann an Coiste gur ghá stoc fillteán a bheith ar fáil in oirchill díola cois ciondála a chur i réim arís, is deacair leo a thuiscint cén fáth ar daingníodh an t-ordú ar 9 dtonna páir ag féachaint don tríocha tonna a bhí ar láimh tar éis deireadh a chur le ciondáil an ime agus ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh i dtráth an toradh a bheas ar na hiarrachtaí a bheas á ndéanamh chun na stoic bharrachais a dhiúscairt.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


18ú Feabhra, 1954.