Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::25 June, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 25ú Meitheamh, 1953.

Thursday, 25th June, 1953.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Cuinneagáin, Muiris Dockrell, Ó Ruaidh, Pámar agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Pámar:—


“That Deputy Sheldon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh an Teachta Sheldon igCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1951-52.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1951-52. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hÉireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Cúnamh Teicniúil, Méaduithe ar Luach Saothair, Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, An Chomhairle Ealaíon, Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais, Páipéarachas agus Clódóireacht, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus An Ard-Chúirt Bhreithiúnais agus Clarlann na Talún agus Clarlann na nDintiúin.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Eoin Réamonn (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Ó Carra (Ceannasaí, Oifig an tScláthair), T. O Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), P. Ó Cléirigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí Dé Céadaoin, an 8ú Iúil.