Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::18 February, 1954::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16ú Meitheamh, 1953:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurbh é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1952, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.


18ú Meitheamh, 1953:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Pilib Mac Bradaigh, Mac Artúir, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Cuinneagáin, Muiris Dockrell, Ó hIceadha, Mag Raith, Ó Ruaidh, Donnchadh Ó Súilleabháin, Pámar agus Sheldon.