Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::22 July, 1954::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 22 Iúil, 1954.

Thursday, 22nd July, 1954.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, S. Ó Braonáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, Annraoi Dockrell agus M. Ó Murchadha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Páipéarachas agus Clódóireacht, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Mac Uí Charra (Ceannasai, Oifig an tSoláthair), Tomás Ó Cadhain (Rúnai, an Roinn Dlí agus Cirt), M. Breathnach agus P. Ó Cléirigh (an Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ó 1 p.m. go dtí 2.30 p.m.


6. Chruinnigh an Coiste arís ar 2.30 p.m.


7. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, Ó Donnagáin, T. Ó Loingsigh, agus M.Ó Murchadha.


8. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gealtlann Dúndroma, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


9. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), L. Ó Muirthe (An Roinn Oideachais), M. Breathnach, Mac Uí Maoileoin agus Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


10. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 3.35 p.m.