Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::06 October, 1954::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

6 Deireadh Fómhair, 1954.

6th October, 1954.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, Ó Donnagáin, T. Ó Loingsigh, M. Ó Murchadha agus Ó hEaghra.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Rialtas Aitiúil, Oifig na nOibreacha Poiblí, agus Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Gairbhín (Rúnai, An Roinn Rialtais Aitiúil), D. Ó hEigceartuigh (Cathaoirleach, Coimisinéiri na nOibreacha Poiblí), Máire Bhreathnach, M. Breathnach agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.