Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::15 July, 1954::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 15 Iúil, 1954.

Thursday, 15th July, 1954.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, S. Ó Braonáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, agus M. Ó Murchadha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCúntas Leithreasa i gcóir na bliana 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar Eadarnáisiúnta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Nuanáin (Rúnaí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha), R. Ó hÉigeartaigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), L. Ó Broin (Rúnaí, an Roinn Poist agus Telegrafa), an Leifteanant-Ghinearál P. Mac Mathghamhna (Rúnaí, an Roinn Cosanta), Máire Bhreathnach, Mac Uí Mhaonaigh, Mac Uí Chléirigh agus J. E. Twamley (an Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí Déardaoin, 22 Iúil.