Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1952 - 1953::07 October, 1954::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

7 Deireadh Fómhair, 1954.

7th October, 1954.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Phartholáin, S. Ó Braonáin, Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Deasmhumhnaigh, agus T. Ó Loingsigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1952-53.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1952-53. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Talmhaíocht, Iascach, Tailte, Foraoiseacht, Seirbhísí na Gaeltachta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Pinsin Sean-Aoise, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, Arachas Sláinte Náisiúnta, Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh agus Arachas Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), T. Ó Briain (Rúnaí An Roinn Tailte) P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), M. Breathnach, C. Ó Broin agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m.