Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::26 February, 1953::Report

TUARASCAIL

CUID I—NOTAI GINEARALTA.

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 23ú IÚIL, 1952.

Oibreacha agus Foirginti Poibli.

1. Is maith leis an gCoiste a fhios a bheíth acu go n-aontaíonn an tAire le moladh an Choíste go mba cheart, aon uair nach féidir do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí iniúchadh a dhéanamh ar fhoirgintí thar lear sara a gceannófaí íad, tuarascáil teicniúil ar an maoin a chur ar fáil le breithniú acu.


2. Maidir le gléasra dreidireachta áirithe a cheannaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, bheir an Coiste faoi deara go bhfuil curtha in iúl don Aire nach féidir meastachán cruinn a thabhairt i dtaobh costas gléasra a bhíos ar snámh a dheisiú, nó go ndéantar na hárthaí a scrúdú i nduga tirím, agus ansin féin go mb’fhéidir don chostas a bheith níos mó ná measadh dó de bharr lochtaí folaíocha a dtiocfaí orthu nuair a hosclófaí an t-árthach. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl, ámh, cé gur £33,000 a measadh ar dtús a chosnódh sé an gléasra atá i gceist a dhéanamh infheadhma agus an gléasra cúnta riachtanach a cheannach, gur £126,000 an meastachán deiridh. De bharr an méid difríochta atá idir na figiúirí, ní deimhin leis an gCoiste fós gur breithníodh an scéal a sháith sara ndearnadh an ceannach. Is tacaíocht le deimhin a dhéanamh dá mbarúil acu an ráiteas gur creideadh san am a fuarthas an gléasra go mbeadh árthaí cúnta oiriúnacha le fáil ar phraghsanna réasúnacha. Ceapann an Coiste go mba é an rud nádúrtha a dhéanamh eolas cruinn d’fháil ar an bpointe sin sara gceannófaí an gléasra. Tugaid faoi deara go bhfuil cinnte ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí a mholadh é a dhíol ar an bpraghas is mó is féidir d’fháil air, agus ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil i dtráth chuí ar scéal deiridh an eadarbhirt go léir ó thaobh airgid de.


Cosaint.

3. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil geallúint faighte ag an Aire ón Roinn Cosanta go ndéanfar, aon uair amach anseo a bheartós an Roínn áitreabh d’fháil, scrúdú cúramach iomlán ar an bhfoirgint ag oifigeach teicniúil inniúil le eolas cruinn ar staid na foirginte d’fháil, agus go dtuairisceofar na fiorais iomlána nuair a beifear ar lorg toiliú an Aire leis an togra chun an ceannach a dhéanamh.


An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais.

4. Bheir an Coiste faoi deara go ndéanfar do réir mar mheasadar ba cheart a dhéanamh, is é sin, go n-iarrfar, i bhfoirm mheastacháin fhorlíontaigh, údarás Dhála Éireann chun déileáil, mar mhuirear deiridh ar an airgead votáilte, leis an iarmhéid neamhíoctha d’airleacan chun easnaimh áirithe in eastáití mionaoiseach a shlánú.


Seirbhísí Eitlíochta agus Meteoraíochta.

5. Is feasach an Coiste gur bhain deacrachtaí le meastachán forlíontach a thógaint mar nár bhféidir, go dtí cúpla lá roimh dheireadh na blíana airgeadais, a chinneadh cé méid cúnaimh airgid a bheadh iníoctha. Measaid go mba shin an rud ba chóir a dhéanamh dá mbeadh am ann chuige, mar nach fonn leo aontú leis an tuairim nuair a bhíos dóthain airgid sábháilte tar éis caiteachais faoi vóta i gcoitinne go dtugann sin as féin é bheith ceart viriment d’fheidhmiú chun breisíocaíochta móra faoi fho-mhírcheann áirithe a dhéanamh bailí.


Seirbhísí Iompair agus Muirí.

6. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go dtabharfaidh an tAire aird ar thuairim an Choiste go ndéanfar, má bhíonn aon chás ann amach anseo ina dtabharfar isteach meastachán a bheas ar neamhréir le reachtaíocht atá ann cheana, a chur in iúl go soiléir conas mar atá an scéal trí nóta mínithe a chur sa mheastachán.


ATHRU AR NA MEASTACHAIN.

Cta. 10-15 agus 475-480.


7. Rinne an Coiste breithniú ar dhá chás ina ndearnadh athrú ábhartha ar an eolas a tugtaí, le blianta roímhe sin, i meastacháin. D’ainneoin sean-ghnáis, níor cuireadh na hathruithe sin i bhfios roimh ré don Choiste agus, dá dhroim sin, ní raibh aon deis acu toradh na n-athruithe sin a bhreithniú.


Bhain an chéad chás leis na nótaí maidir le “Luach Saothair Breise,” i.e., aon luach saothair, pinsean nó liúntas breise a gheibheas oifigigh poiblí as cistí poiblí i dteannta a ngnáth-thuarastail. Le roinnt bhlianta cuirtí síos nóta maidir le sochair oifige den tsórt sin ba mhó ná £30, ach méadaíodh sin go dtí £50 sa bhliain atá faoi bhreithniú. Is í an fhigiúir uasta a cuireadh sna nótaí maidir le luach saothair breise a cuireadh leis na cuntais leithreasa i gcásanna nár bhféidir iad a chur sna meastacháin. Cuireadh in iúl don Choiste gur measadh, mar gheall ar an isliú iluach airgid, go mb’inmhianuithe an t-athrú sin a dhéanamh agus dá réir sin gur cuireadh treoir sa chearcallán meastachán a cuireadh go dtí Oifigigh Chuntasaíochta. Mar gheall ar an gcuma ina bhfuil cúinsí, níl an Coiste ag cur in aghaidh na tórann d’ardú ó £30 go dtí £50.


Sa dara cás, in ionad na mion-ráitis i dtaobh muirear i leith oibreacha nua agus cothabhála, etc., a cuirtí leis an meastachán d’Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, cuireadh ráitis achoimrithe leo nach raibh iontu ach meas ar an gcaiteachas iomlán a raibh beartaithe dul faoi thar ceann gach Roinne. An ráiteas i dtaobh caiteachais iarbhír ar oibreacha nua, etc., a cuireadh leis an gcuntas leithreasa cuireadh síos é i ndiaidh foirm an mheastacháin, agus níl aon eolas ann i dtaobh na n-oibreacha ar leith a bhíothas chun a dhéanamh thar ceann gach Roinne. Cuireadh in iúl don Choíste gur chun tíobhas a dhéanamh maídir le clódóireacht, am agus caíteachas ba chúis leis an athrú. Cé gur dóigh leis an gCoíste go bhféadfaí agus go mb’fhearrde na ráitis i dtaobh oíbreacha nua a bhíodh roimhe seo ag gabháil leis na meastacháin agus na cuntais leithreasa i gcóir Oíbreacha agus Foirgintí Poiblí a ghiorrú trí mhioneolas ar ítímí beaga d’fhágaint astu, is dóigh leo gur fearr leanúint den eolas a thabhaírt a tugtaí i dtaobh oibreacha móra, agus molaid go mbeidh sonraí aon oibre a measfar a chosnós £4,000 nó os a chionn i meastacháin agus i gcuntais leithreasa amach anseo.


Maidir leis an gcúrsa i gcoitinne i dtaobh tograí chun foirm mheas-tachán d’athrú a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí, glacann an Coiste leis an ngeallúint ó Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais go raghfar i gcomhairle leo roimh ré aon uair a beartófar athrú ábhartha a dhéanamh sna meastacháin.


CUID II—CUNTAIS FAOI LEITH.

Aoisliúntais agus Liúntais Scoir.

8. Díríodh aird an Choiste ar dheontas bliantúil £900 11s. maraon le cnapshuim £2,401 9s. 4d., a híocadh i bhfoirm chúitimh faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, le hoifigeach a cuireadh as oifig chun go mb’usaide feabhasuithe a chur ar eagrú a Roinne dá dtíocfadh tuilleadh éifeachtúlachta agus tíobhais. Cuireadh in iúl don Choiste go ndearnadh an t-oifigeach a bhí i gceist a cheapadh ina dhiaidh sin chun poist inphinsin eile sa Roínn ar a shean-tuarastal, gur fionraíodh an liúntas bliantúil i rith na tréimhse ath-fhostaíochta agus gur fágadh aige an chnapshuim faoí réir a bainte as pé cnapshuím a thiocfadh chun bheith iníoctha ar scor dó sa deireadh.


Sna tuarascála uathu dar dátaí 9ú Nollaig, 1937, agus 16ú Feabhra, 1939, chuir Coistí um Chuntais Phoiblí a bhí ann roimhe seo síos a dtuairím i dtaobh dhá dhámhachtaint den tsaghas céanna rinneadh faoi alt 6 d’Acht 1909 agus faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, faoi seach. Sa tuarascáil deiridh sin nochtadh an tuairim nár cheart go gcaithfí féachaint ar athrú pearsanra amháin mar ní a shásódh na coinníollacha i dtaobh tuilleadh éifeachtúlachta agus tíobhais breise a hordaítear leis an alt, agus chuír an tAire Airgeadais in iúl, sa mheamram uaidh dár dháta 27ú Samhain, 1939, go dtabharfaí chun cuimhne in aon chás eile a tharlódh amach anseo na hamhrais sin a dúisíodh. Chuirfeadh sé áthas ar an gCoiste mar sin dá n-insítí dhóibh na cúinsí a bhain leis an gcás seo nár bhain leis na cásanna dar tagradh cheana.


Ba mhaíth leis an gCoiste freisin tagaírt don chaoi ar choinnigh an t-oifigeach an chuid ba chnapshuim den chúiteamh. Is drochphrionsabal dar leo oifigeach do choinneáil cuid chnapshuime a chúitimh cé gur hath-fhostaíodh é i bpost inphinsin ar a sheantuarastal.


Cosaint.

9. Rinneadh £34,800 8s. 0d. d’airleacain faoi chonartha a rinneadh le comhlucht coigríoch i bhFeabhra, 1949, agus í Márta, 1950, chun trealamh a sholáthar. Níor seachadadh aon chuid den trealamh riamh mar theip ar an gconrathóir an ceadúnas onnmhuirithe ba ghá dó d’fháil. Dealraíonn sé, toisc an tábhacht mhíleata a bhain leis an trealamh, go mba leasc leis an Aire Cosanta na conartha a chealú ar eagla go mb’fhéidir go gcuirfeadh sin isteach ar aon tosaíocht a tháinig de bharr na híocaíochtaí a dhéanamh agus, go deimhin go mb’fhéidir nach seachadfaí an trealamh ar chor ar bith ansin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, ámh, gur hiarradh ar an gconrathóir an tsuim a hairleacadh d’aisíoc maraon le hús mura seachadfaí an t-ábhar, agus ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dóibh, i dtráth cuí, cad a thiocfas den scéal.


Arm-Phinsin.

10. Foráileann an Scéim Fórsaí Cosanta (Pinsin) nach mór d’oifigeach, chun go mbeadh sé cáilithe don aisce is iníoctha le hoifigeach pósta ar éirí as, go mbeadh sé ar áitiú i gceathrúna pósta nó ag fáil líúntais lóistín, breosla agus solais do réir an ráta phósta i gcaitheamh an dá bhliain dar críoch dáta an éirí-as. Toisc gur cuireadh deireadh leis an liúntas lóistin, breosla agus solais de dhroim páigh agus liúntais a chomhdhlúthú amhail ón 1ú Aíbreán, 1950, bhí oifigigh pósta áirithe d’éirigh as i rith na bliana nár chomhlíon na coinníollacha is gá chun liúntais scoir a dhámhadh agus rinneadh íocaíochta ar foras ex-gratia le ceadú na Roinne Airgeadais. Cuireadh in iúl don Choiste go leasófaí an Scéim a luaithe dob fhéidir agus ba mhaith leo a chlos nuair a bheas sé sin déanta.


Seirbhísí Iompair agus Muirí.

11. Díríodh aird an Choiste ar £1,000 a híocadh mar chúnamh airgid leis an gcuideachta a oibríos an tseirbhís loingseoireachta idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Arann. Forálann Alt 2 d’Acht Iompair Oileán Arann, 1946, go bhféadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála conradh a dhéanamh chun seirbhís loingseoireachta d’oibriú idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Arann agus cúnamh airgid d’íoc chun an tseirbhís d’oibriú, faoi réir téarmaí an chonartha sin. Dealraíonn sé, ámh, nár comhlánaíodh conartha do na blianta 1950 agus 1951 toisc gur dhiúltaigh an chuideachta conartha a shíniú in aghaidh na mblianta sin mura scriosfaí forála áirithe a bhain leis an long gaile “Dún Aengus” d’aistriú chun an Aire gan eire dá scoireadh an chuideachta dá húsáid ar sheirbhís na Gaillimhe-Arainn ar an gcomhaontú d’fhorceannadh. Tuigtear don Choiste gur measadh é a bheith riachtanach ar mhaithe le leas an phobail go gcoimeádfaí an tseirbhís ar siúl, ach nár fhéad an chuideachta leanúint di toisc a olcas a bhí cúrsaí airgid acu. Ar an ábhar sin, d’údaraigh an tAire go n-íocfaí cúnamh airgid sa mhéid ba ghá chun a chumasú don chuideachta leanúint den tseirbhís go dtí mí Lúnasa, 1951, nuair a haistríodh go Córas Iompair Éireann í.


Tuigeann an Coiste go maith na deacrachta d’fhág riachtanach é cúnamh airgid a thabhairt cé nach raibh aon chonradh déanta leis an gcuideachta a oibríos an tseirbhís fé mar cheanglas alt 2 den Acht. Is dóigh leo, ámh, ós rud é nach raibh na coinníollacha ar a ndearnadh an íocaíocht díreach do réir forál an Achta, go raibh sé ceart an cás a thabhairt faoi aire Dháil Éireann trí nóta a chur leis an gcuntas leithreasa iomchuí.


Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.

12. I mí Mheithimh, 1948, ceannaíodh ar £2,640 láithreán i gCluain Dolcáin le haghaidh siopa oibre agus stóras deisiúcháin inneallra nua a theastaigh chun freastal ar an obair bhreise deisiúcháin atá ag teacht de bharr scéimeanna siltin airtéirigh. I mí Feabhra, 1949, rinneadh conradh go gceannófaí, ar £7,893, cúig foirgintí go bhfrámaí cruach chun iad d’úsáid mar chóiríocht sealadach an fhad a bheadh buanáitreabh á thógáil. Níor cuireadh suas na foirgintí sealadacha seo riamh i gCluain Dolcáin, agus tuigtear gur húsáideadh ceithre cinn acu in áiteanna eile. Rinneadh obair áirithe forbairte ar an láithreán. Conradh i leith déanmhais chruach do na buan-fhoirgintí a bhí sa chéad chonradh, £15,784 18s. 0d. a bhí i gceist ann agus rinneadh é i Mí Meán Fómhair, 1949. Go luath i 1950, ámh, socraíodh ar éirí as an obair i gCluain Dolcáin agus, ina ionad sin, margántaíocht a dhéanamh chun áitreabh in Inse Guaire d’fháil. Sa deireadh, cuireadh an t-áitreabh seo ar cíos go ceann téarma 50 bliain ón 2ú Aibreán, 1951, ar chíos bliantúil £13,500 móide rátaí. Forceannadh an conradh ar an obair déanmhais chruach, tar éis £8,974 16s. 9d. d’íoc leis an gconrathóir, agus, tríd is tríd tuairim is £21,000 an caiteachas go léir a bhain leis an obaír tréigthe gan luach an láithreáin d’áireamh.


Is oth leis an gCoiste a thabhairt faoi deara, cé gur cosúil go raibh géar-ghá leis an siopa oibre agus an stóras a bhí beartaithe agus go bhfuarthas an láithreán i gCluain Dolcáin i Mí Feabhra, 1948, nach ndeachthas chun cinn dáiríre ag tógáil na bhfoirgintí, sealadach nó buan idir sin agus an tráth a socraíodh ar eirí as an obair go luath i 1950. Gan trácht ar an gcaillteanas díreach don chiste poiblí de bharr an £8,974 16s. 9d. a híocadh nuair a scoireadh den chonradh ar obair chruach, ní léir ar aon chor nach gcruthófar gur chaiteachas amú cuid den méid a caitheadh ar obair forbairte. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil margántaíocht ar siúl chun an láithreán a chur de láimh, agus ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh in am tráth cad é an caillteanas iomlán, sa deireadh, a bhain leis an gcinneadh go dtréigfí an scéim bhunaidh.


13. Fuarthas tairiscintí an 1ú Nollaig, 1949 maidir le scoil náisiúnta d’fheabhsú ach níor glacadh go dtí an 22ú Márta, 1950, leis an tairiscint dob ísle, is é sin £1,683 7s. 6d. rud a tharla, do réir mar adúradh, toisc nach rabhthas cinnte an raibh airgead ar fáil sa vóta chun an costas a ghlanadh. Ba é an 26ú Lúnasa, 1950, an lá deireannach, do réir téarmaí an chonartha, chun an obair a chríochnú, ach ní raibh tosnaithe air ar an dáta sin mar go raibh an conraitheoir tar éis obair eile a ghlacadh de láimh sarar cuireadh in iúl dó go raibh glactha lena thairiscint. Scaoileadh sa deireadh é i Mí Mheán Fómhair, 1950, óna chonradh agus rinneadh conradh leis an té thug an dara tairiscint dob ísle. Chríochnaigh an conraitheoir sin an obair i Mí Mheán Fómhair, 1951, ar £2,067 14s. 3d. Is deacair leis an gCoiste a dhéanamh amach cé an fáth nach ndearnadh an chéad chonradh níos túisce mar tuigid gurb é an gnás é an ranníoc áitiúil a chruinniú agus a chaitheamh sara dtarraingtear as airgead vótáilte agus is dóigh leo gur mí-shásúil an rud é gur bhain níos mó ná dhá mhí dhéag de mhoill leis an obair chuíosach bheag seo a chríochnú.


14. Hinsíodh don Choiste nár dearnadh aon stocáireamh ó 1947 anall ar an inneallra agus na stóir atá í seilbh na gCoimisinéirí le húsáid ar scéimeanna siltin airtéirigh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur gnáthach stocáireamh a dhéanamh gach trí bliana agus gurbh é ba chúis leis an moill an méid mhór atá stórtha gaibhte chun éagsúlachta agus chun iomadúlachta agus a neamh-dhóthainí atá saoráidí stórála. Is áil leis an gCoiste luí ar an tábhacht a bhaineas le seiceáil chorpartha a dhéanamh ó thráth go chéile ar na stórtha. Gabhann sin, ó riachtanas, le haon chóras rialuithe. Tá tugtha faoi deara ag an gCoiste go bhfuiltear tar éis cóiríocht oiriúnach d’fháil anois agus go bhfuil stocáireamh iomlán ar siúl, agus go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste torthaí an stocáirimh sin a chur faoi scrúdú nuair a bheas sé ag iniúchadh na gcuntas i gcóir 1951-52.


Slainte.

15. Chuir an Coiste faoi scrúdú deontais a híocadh le húdaráis sláinte faoi fhorála an Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947. Chun méid an deontais i leith bliana ar bith d’áireamh, ní foláir an caiteachas caighdeánach, mar mínítear sin san Acht, i gcóir na bliana sin, a chinneadh. Táthar tar éis íocaíochtaí ar fhoras sealadach a dhéanamh leis na húdaráis sláinte, nó go ndéantar an cinneadh sin.


Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuiltear tar éis an caiteachas caighdeánach i gcóir na mblianta 1948-49 go dtí 1950-51 a chinneadh maidir le 17 den 31 údaras sláinte. Is tuigthe dhóibh gurb é ba chúis leis an moill sna cásanna eile go m’éigin fanúint le ráitis chaiteachais ó na húdaráis sláinte agus iad deimhnithe ag iniúchóirí Rialtais Aitiúil. Tá súil ag an gCoiste go gcinnfear, a thúisce is féidir é, an caiteachas caighdeánach i leith na n-údarás eile sin agus fós go ndéanfar gach coigeartú is gá ar na híocaíochtaí sealadacha uile.


Tailte.

16. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás oifigigh a bhí, tuairim is trí bliana, ag cur isteach admhála bréige i leith tuarastail gluaisteáin, mar thacaíocht lena éileamh ar chostas taistil. Tá suim £1,343 14s. 3d. san iomlán caillte de dheasca bearta neamhrialta an oifigigh seo agus táthar tar éis £1,231 2s. 10d. den méid sin a mhuirearú ar na cuntais í leith na mblian 1947-48 go dtí 1949-50, seasann £100 6s. 0d. dhe fós mar mhuirear ar an gcuntas fionraí, agus an £12 5s. 5d. atá d’iarmhéid ann ís suim é atá coimeádtha siar go mícheart aige ón Roinn. Is tuigthe don Choiste go bhfuiltear tar éis £39 2s. 8d. d’iarmhéid tuarastail a bhí dlite don oifigeach a choinneáil uaidh agus ní lú ná £500 a bheadh dlite dhó i leith turas i gcúrsa a dhualgas oifigiúla.


Is díol imní leis an gCoiste go bhféadfadh calaois gan tsórt seo a bheith ar siúl gan í a bhrath ar feadh tréimhse chomh fada seo agus tugaid faoi deara an gheallúint ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuiltear tar éis gach ní is féidir a dhéanamh chun a áirithiú nach dtarlóidh calaois den tsórt sin arís.


Rialtas Aitiúil.

17. Rinneadh suas le £55,495 15s. 2d. de ranníoca neamhreachtúla d’íoc le údaráis áitiúla as fo-mhírcheann I. 1. den Vóta Rialtais Aitiúil mar shlánú ar na muirir iasachta breise a tharla de dheasca an arduithe ar an ráta úis ó 2½ faoin gcéad go dtí 3¼ faoin gcéad sa bhlíaín ar iasachtaí áirithe a tugadh as Ciste na nIasachtaí Aítiúla. Is íníoctha na hiasachtaí seo trí bhlianachtaí ceaptha thar téarma bhlianta. Thaispeáin an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur cosúil gurb é a bhí d’aidhm ag meamram na Roinne Airgeadais, lena n-údaraítear na ranníoca neamhreachtúla, go gcúiteofaí leis na húdaráis áitiúla na méideanna breise d’íocadar iairbhír tar éis athríomh a bheith déanta ar na blianachtaí. Ar a shon sin, ba mhó de chuid mhaith na ranníoca d’íoc an Roinn, óir is é a bhí iontu an difríocht idir fiúchas úis na mblianachtaí. Is léir don Choiste go ndéanfadh ranníoc íslithe a bheith á n-íoc sna blianta níos faide anonn cúiteamh faoi dheoidh ar na híocaíochtaí iomarcacha, nach mbeadh aon chailliúint ar chistí Stáit nuair cuírfí san áireamh an tréimhse aisíoca go huile. Measann an Coiste, ámh, gur míshásúil an modh é sin le glacadh, mar tháinig de gur híocadh suimeanna le húdaráis áitiúla ba mhó ná na muirir iasachta breise d’éirigh as an ardú ar an ráta úis agus, fós, ós rud é nach bhfuil deimhne ar bith go ndéanfaidh Dáil Éireann socrú chun na ranníoca neamhreachtúla d’íoc i rith ré iomláine na n-iasacht. Is tuigthe dóibh go bhfuil an ponc seo á scrúdú ag an Roinn Airgeadais agus an Roinn Rialtais Aitiúil agus b’áthas leo go gcuirfí toradh an scrúduithe sin i bhfios dóibh i dtráth chuí.


Talmhaiocht.

18. Díríodh aird an Choiste ar a uireasaí is atá an córas cuntasaíochta maidir le hinneallra agus stóir a ceannaíodh do Thionscadal Athinmheachan na Talún. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nár bhféidir córas iomlán taifeadtha d’eagrú i gceart i dtús ama mar gheall ar an mbroid a bhain leis an tionscadal a chur chun oibre agus a ghainne a bhí foireann ag a raibh taithí mar ba ghá ar stór-chuntasaíocht. Cé go dtuigeann an Coiste cé na deacrachtaí a bhain leis an tionscadal nuair a tosnaíodh air, tá siad á chur in iúl arís go soiléir gur tábhachtach an rud é leor-shocraíochta cuntasaíochta agus stocáirimh chun stórtha a rialáil go héifeachtúil. Tá tugtha faoi deara acu anois go bhfuil córas á oibriú anois a meastar a bheith sásúil, agus go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar an scéal le linn dó a bheith ag iniúchadh na gcuntas i gcóir 1951-1952.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


26ú Feabhra, 1953.