Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::26 February, 1953::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

5ú Meitheamh, 1952:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1951, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.


10ú Meitheamh, 1952:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Mac Artúir, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Daimhin, Muiris Dockrell, Ó Gallcobhair, Mag Raith, Donnchadh Ó Súilleabháin, Pámar agus Sheldon.