Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::18 June, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 18ú Meitheamh, 1952.

Wednesday, 18th June, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Muiris Dockrell, Mac Raith, Pámar agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Pámar:—


“That Deputy Sheldon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh an Teachta Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1950-51.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana, 1950-51. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Príomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeal Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Costais Ilghnéitheacha, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), An Ciste Forbartha Idirlinne, Cúnamh Teicniúil, Fóirithin ar Ghátar, Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Gealtlann Dúndroma, Oifig na nAnnálacha Poiblí, Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla agus An Dánlann Náisiúnta.


5. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), Dr. L. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), D. Ó Cobhthaigh (Oifig na n Annálacha Poiblí), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), T. Mag Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), M. Breathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí Déardaoin, 26ú Meitheamh.