Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::30 July, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 30ú Iúil, 1953.

Thursday, 30th July, 1953.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Cuinneagáin, Ó hIceadha, Mac Raith, Ó Ruaidh, Donnchadh Ó Suilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1951-52.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1951-52. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Pinsin Sean-Aoise, Liúntais Leanaí, Arachais Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, Arachas Sláinte Náisiúnta, Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh, Talmhaíocht, Iascach agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. S. Ó Donnabháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), Seán Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Liam Ó Cadhlaigh (Rúnaí, Oifig an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste), M. Breathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m.