Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::29 July, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29ú Iúil, 1953.

Wednesday, 29th July, 1953.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich agus Donnchadh Ó Suilleabháin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1951-52.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1951-52. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Sláinte, Oifig an Ard-Chláraitheora, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhsreangach, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), P. Mac Mathghamhna, Lefteanant-Ghinearál (Rúnaí, An Roinn Cosanta), M. Breathnach, P. Ó Cléirigh agus S. Twamley (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí amárach.