Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1951 - 1952::08 July, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 8ú Iúil, 1953.

Wednesday, 8th July, 1953.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Mac Artúir, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó hIceadha, Ó Ruaidh, Donnchadh Ó Suilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1951-52.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1951-52. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Gnóthaí Eachtracha, Comhar san Eoraip, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, An Dánlann Náisiúnta, Luachtáil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordanáis, Tabhartais agus Tiomanta Déirciúla, Oifig na nAnnálacha Poiblí agus Gealtlann Dúndroma.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Nuanáin (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), R. de Rís (Cathaoirleach, Na gCoimisinéirí Ioncaim), L. Ó Muirthe (Rúnaí, An Roinn Oideachais), T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), C. Mac Eilgeoid (Coimisinéir Luachála), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla), D. Ó Cobhthaigh (Oifig na n Annálacha Poiblí), An Dr. L. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), M. Breathnach agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 15ú Iúil.