Committee Reports::Report - Assault Committed by a Member on another Member in the Oireachtas Restaurant on 31 January 1952::28 February, 1952::Report

TUARASCAIL

1. Ar iarratas an Chinn Chomhairle, tá an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí tar éis an gearán pribhléide a bhreithniú a rinne an Teachta Seán Ua Coisdealbha sa Dáil an 31ú Eanáir, 1952, i dtaobh ionsaí a líomhnadh a rinne an Teachta Seán Ó Floinn ar an Teachta Oilibhéar Ó Flannagáin i Seomra Bídh Thigh Laighean an lá sin.


2. Tar éis dóibh an Teachta S. Ó Floinn agus an Teachta O. Ó Flannagáin d’agallamh, cinneann an Coiste nach bhfuil aon easaontas tábhachtach eatarthu maidir leis na fíorais i dtaobh an ionsaí, eadhon, gur chuir an Teachta S. Ó Floinn forán ar an Teachta O. Ó Flannagáin sa tSeomra Bídh, mar a raibh an Teachta deiridh sin ag comhrá le Teachta eile, agus gur thug dhá bhuille dhó ar an láthair sin.


3. Dúirt an Teachta S. Ó Floinn leis an gCoiste go ndearna sé an t-ionsaí a tuairiscítear thuas toisc go bhfuair sé amach go ndúirt an Teachta O. Ó Flannagáin, le linn díospóireachta roimhe sin sa Dáil an lá sin nuair nach raibh sé féin i láthair sa Dáil, caint ina thaobh a dtuigfí go coitianta gur easmailt mhór ar a charachtar pearsanta í (Tuairísc Oifigiúil, Iml. 129, Col. 273). Mhothaigh sé nach raibh aon leigheas oiríúnach ar fáil aige, faoi na Buan-Orduithe atá i bhfeidhm, ar chaint den tsórt sin nuair a rinneadh í faoi dhíolúine na pribhléide parlaimintí.


4. An chaint a ghoill ar an Teachta S. Ó Floinn is mar sheach-rá adúirt an Teachta O. Ó Flannagáin í agus, do réir mar mhínigh an Teachta S. Ó Floinn, b’fhacthas dó gur mhasla trom pearsanta air féin, faoi ghné leatagairte, a bhí inti. Níor gairmeadh an Teachta O. Ó Flannagáin chun ordúlachta ag an am toisc—do réir mar a tuigtear don Choiste—nár thuig an Leas-Cheann Comhairle inchialla uile na cainte mar gheall ar a héiginnteacht agus, thairis sin, ba leasc leis í a cháineadh mar dá ndéanadh sé amhlaidh tarraingeofaí aird phoiblí ar an mbrí scanalach d’fhéadfai a bhaint aisti. Shéan an Teachta O. Ó Flannagáin don Choiste go raibh aon bhrí folaigh den tsórt sin ar intinn aige agus dúirt nár bhain an chaint ach le gníomhachta polaitíochta an Teachta S. Ó Floinn.


5. Thug an Coiste dá n-úidh tuarascáil (T. 119) a rinne an Coiste cheana i dtaobh gráscair idir chomhaltaí i maighne na Dála i ndiaidh cainte a caitheadh sa Tigh. An uair sin leagadh síos gur dhísbeagadh ar an Dáil, agus go raibh sé incháinte go ró-mhór, comhaltaí do dhul chun foréigin ag agairt focal a dúrathas sa Tigh. Ag cur an chaighdeáin chomhaontaithe sin i bhfeidhm dóibh sa chás seo, cinneann an Coiste go raibh an Teachta S. Ó Floinn ciontach i ndísbeagadh nuair a ghabh sé chuige féin an ceart chun beart a dhéanamh i ndíol ábhair chasaoide, rud a bhain le ceart leis an Tigh féin. Is ní tromchúiseach, dar leis an gCoiste, dúshlán dá leithéid a thabhairt faoi údarás an Tí ach, ag féachaint dá bhfuil ráite anseo roimhe seo, molann an Coiste go measfaí dísbeagadh an Teachta S. Ó Floinn a bheith cealaithe ar an ócáid seo, ar é d’fháil tathaoire poiblí ón gCathaoir.


6. Níl an Coiste sásta go raibh an Teachta O. Ó Flannagáin gan cion den fhreagarthacht a bheith air sa teagmhas neamhchuíúil seo. Is léir go dtéann dualgas, chomh maith le cearta, le pribhléid na saoirse cainte agus nach cuíúil do chomhalta caint a dhéanamh faoi scáth na pribhléide sin gan smaoineamh ar an drochbhrí d’fhéadfaí a bhaint aistí. Measann an Coiste gur sárú ar ord agus ar ghradam an Tí an chaint a rinne an Teachta O. Ó Flannagáin.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


28ú Feabhra, 1952.