Committee Reports::Report - Assault Committed by a Member on another Member in the Oireachtas Restaurant on 31 January 1952::07 February, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 7ú Feabhra, 1952.

Thursday, 7th February, 1952.

1. Tháinig an Coiste le chéile ar 3 p.m. i Seomra 106.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach); Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh; na Teachtaí Ó Braoin, Ó Cuagáin, Mac Fheorais, Mac Cosgair, Ó Cuinneagáin, Ó Dabhoireann, Ó Domhnalláin, Seán Ó Flannagáin, Ó Lorcáin, Tadhg Ó Súilleabháin, Bean an Rísigh, Ó Ruanadha agus Suatman.


Bhí an Leas-Cheann Comhairle i láthair freisin ag an gcruinniú.


3. IMREAS SA SEOMRA BIDH.


Dúirt an Ceann Comhairle go ndearna an Teachta Seán Ua Coisdealbha gearán, i rith na díospóireachta sa Tigh an 31ú Eanáir, 1952, i dtaobh sárú pribhléide de dhroim imris sa Seomra Bídh ar líomhnadh go ndearna an Teachta Seán Ó Floinn ionsaí ann ar an Teachta Oilibhéar Ó Flannagáin. Mheas an Fear Ceannais, dá réir sin, gur cheart an gearán a chur faoi bhráid an Choiste lena bhreithniú.


Phléigh an Coiste an scéal.


Beartaithe: Go n-iarrfar ar an Teachta Oilibhéar Ó Flannagáin agus ar an Teachta Seán Ó Floinn fianaise a thabhairt i láthair an Choiste [An Teachta Ó Lorcáin].


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 4 p.m.