Committee Reports::Report - Assault Committed by a Member on another Member in the Oireachtas Restaurant on 31 January 1952::28 February, 1952::Orders of Reference

ORDU TAGARTHA.

28 Meitheamh, 1951:—Ordaithe, Go gceapfar Coiste ar Nós Imeachta agus Pribhléidí a bheidh Comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de seacht gComhalta dhéag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnaitheoireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú do dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna no leasuithe ar na Buan-Ordaithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach do mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar san i dtaobh príbhléidí Comhaltaí.


Gur ochtar a bheidh mar quorum don Choiste (Rúnaí Párlaiminte don Taoiseach).


28 Meitheamh, 1951:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí O Braoin, O Cuagáin, Mac Fheorais, Mac Gosgair, O Cuinneagáin, O Dabhaoireann, Díolún, O Domhnalláin, O Dubhghaill, O Fathaigh, S. O Flannagáin, O Lorcáin, O Briain (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh), T. O Súilleabháin, Bean an Rísigh, O Ruanadha agus Suatman.