|
TUARASCAIL.CUID I—NOTAI GINEARALTA.CAITEACHAS AGUS MEASTACHAIN NA BLIANA.1. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi ndeara go raibh an caiteachas ar dheontais soláthair an-chomhgarach don Mheastachán sa bhliain atá faoi léirmheas, mar gur 1.7 faoin gcéad de na deontais soláthair an méid ba ghá a thabhairt suas. I rith na ndeich mblian ó 1939-40 go 1948-49 sábháladh céadchodáin ó 9.8 faoin gcéad i leith 1948-49 go dtí 4.7 faoin gcéad i leith 1943-44 as glan-Mheastacháin agus 6.6 faoin gcéad an meán-mhéid a sábháladh astu i rith na ndeich mblian sin. Is feabhas mór dá bhrí sin an fhigiúir sin 1.7 faoin gcéad don bhliain 1949-50 i gcomparáid leis na figiúirí do na blianta roimhe sin, agus tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall chun leanúint feasta den chaighdeán meastacháin sin. Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta 20ú Nollaig, 1951.OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.2. Tugann an Coiste dá n-aire go mb’éigin cinneadh obann a dhéanamh i dtaobh an togra go gceannófaí léas a n-áitreabh i Nua-Eabhrac ó Aerlínte Éireann agus gur fhág an deithneas a bhain leis an scéal nárbh fhéidir dul i gcomhairle le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí. Tugaid dá n-aire freisin gur mheas oifigigh sinnsearacha don Roinn Gnóthaí Eachtracha a rinne an t-áitreabh sin d’iniúchadh go mb’oiriúnaí don Chonsalacht Ghinearálta é ná an t-áitreabh sa Chrysler Building, agus go bhfuair Aerlínte Éireann tairiscintí eile a d’áiritheodh nach mbainfeadh aon chaillteanas don Chuideachta dá nglactaí leo. Ní dhearnadh soiléir don Choiste é, ámh, an bhféadfaí áitreabh a bheadh chomh hoiriúnach céanna chun críocha na Roinne Gnóthaí Eachtracha d’fháil níos saoire ná sin. Ba mhaith leo freisin a chur ar taifead gurb é a dtuairim go bhfuil an nós imeachta dár leanadh sa chás seo inlochtuithe mar nach dtugann sé slánaíocht dóthaineach i gcoinne diomailt airgid phoiblí. Is dóigh leo gur ceart, aon uair a bheir cúinsí nach féidir do na Coimisinéirí Oibreacha Poiblí iniúchadh a dhéanamh ar fhoirgintí thar lear sar a gceannófaí iad, gur ceart, ar a laghad, tuarascáil teicniúil ar an maoin a chur ar fáil le breithniú acu. SEIRBHISI EITLIOCHTA AGUS METEORAIOCHTA.3. Is áthas leis an gCoiste a chlos go bhfuarthas amach go cinnte na cúinsí a bhaineas le feisteas agus le stórais a heisítear le húsáid ag Aer-Phort Bhaile Átha Cliath agus go bhfuiltear ag déanamh socruithe chun taifid dóthaineacha cuntasaíochta a choimeád feasta. ARACHAS SLAINTE NAISIUNTA.4. Tugann an Coiste faoi ndeara go bhfuil an tAire Leasa Shóisialaigh anois tar éis deimhnithe a thabhairt i dtaobh na méideanna iomlána a chaith na húdaráis chúnaimh phoiblí go léir maidir le híocaíochtaí faoi Airteagal 3 den Ordú Leasa Shóisialaigh (Liúntais Ionaid), 1948, agus go bhfuil coigeartú dá réir déanta, do réir mar is gá sin, ar na híocaíochtaí sealadacha a rinneadh leis na húdaráis sin i leith an chaiteachais. CUID II.—CUNTAIS AIRITHE.OIBREACHA AGUS FOIRGINTI POIBLI.5. Rinneadh gléasra dreidearachta a bhí i ndroch-dheis a cheannach ar £6,000 ó údarás áitiúil i Mí na Márta, 1948, agus measadh go bhféadfaí an t-aonad a dhéanamh infheadhma trí árthaigh chúnta a cheannach agus deisiúchán riachtanach, a chosnódh £33,000 a dhéanamh. Cheadaigh an Roinn Airgeadais an ceannach faoi réir an choinníll go ndéanfaí scála d’éilithe, a d’áiritheodh go bhfaighfí thar n-ais méid an chaipitil a caithfí, a shocrú i leith an ghléasra d’úsáid. Is cosúil nach raibh na hárthaigh chúnta a bhí ag teastáil le fáil ach ar luach i bhfad níos mó ná an meastachán agus go dteastódh tuairim is £126,000 chun an gléasra d’oiriúnú le haghaidh seirbhíse. Sna cúinsí seo agus ag féachaint do na héilithe móra fruilithe a caithfí d’éileamh chun an caipiteal a caithfí d’aisghabháil, táthar á bhreithniú ar chóir éirí as a bheith ag iarraidh an t-aonad a dhéanamh éifeachtúil ach é a dhíol. Is cúis imní don Choiste a fháil amach go ndeachthas faoin gcostas gan eolas réasúnta cruinn roimh ré i dtaobh an méid a chosnódh sé an t-aonad a dhéanamh inúsáidte. Tugaid dá n-aire go ndeachthas faoi suas le £4,306 caiteachais, sa tréimhsí go dtí an 31ú Márta, 1950, le tarló, tirm-dhugaireacht, agus faireadh agus go bhfuil costas leanúnach do réir £600 sa bhliain ag baint le faireadh. Tá súil acu, dá bhrí sin, gur gearr go ndéanfar cinneadh maidir leis an scéal seo. COSAINT.6. Foráltar sna rialacháin a bhaineas le cóir iompair mheicniúil airm a dáiltear ar aonaid den Fhórsa Cosanta Aitiúil gurb as cistí an aonaid a híocfaí an costas go léir a bhainfeadh le haon chaillteanas nó damáiste a tharlódh d’fheithicil nuair a cruthófaí gur faillí chomhalta den Fhórsa ba chúis leis. Cuireadh in iúl don Choiste gur dóigh leis an Roinn Cosanta gur ceart an t-éileamh in aghaidh cistí aonaid i gcásanna den tsórt sin a laghdú go 25 faoin gcéad, ar a mhéid, den chostas deisiúcháin. Tuigtear dóibh nár ghlac an Roinn Airgeadais fós leis an tuairim seo, agus go bhfuil an dá Roinn ag glacadh comhairle le chéile féachaint ar cheart na rialacháin láithreacha a leasú. Idir an dá linn, táthar ag déileáil le gach cás faoi leith do réir cirt an cháis féin agus ag féachaint do staid chistí an aonaid lena mbaineann. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dóibh an uair a bheas cinneadh déanta i dtaobh an scéil. 7. I Mí Mheán Fómhair, 1948, ceannaíodh áitreabh le haghaidh aonaid áitiúil den Fhórsa Cosanta Aítiúil ar £850, ach fuarthas nárbh fhéidir áitiú ann go ndéanfaí go leor deisiúcháin, athnuachana, agus maisiúcháin, rud a meastar a chosnódh £3,000, tuairim. Sna cúinsí seo, fuarthas cead na Roinne Airgeadais chun an mhaoin a dhíol. Níor éirigh, ámh, leis na hiarrachtaí a rinneadh é a dhíol agus cuireadh in iúl don Choiste go moltar an t-áitreabh d’aistriú chun Roinne eile Rialtais. Cuireadh in iúl don Choiste freisin go raibh an t-áitreabh folamh ar feadh cheithre bliana déag, tuairim, suas go dtí Meán Fómhair, 1948, agus nílid dearfa go ndearnadh fiosrú dóthaineach sul ar tosnaíodh ag margántaíocht lena cheannach. Tá súil acu go gcuirfear dlús feasta féachaint cén bhail atá ar áitreabh sara gceannófar é. AN CHUIRT UACHTARACH AGUS AN ARD-CHUAIRT BHREITHIUNAIS.8. Tarraingeadh aird an Choiste ar shuim £2,500 a soláthraíodh, trí mheastachán forlíontach, i 1940-41 le haghaidh airleacain chun easnaimh áirithe in eastáití mionaiseach a shlánú. Is é ba chúis leis na heasnaimh gadaíocht a rinne Ard-Aturnae Mionaoiseach a fuair bás i 1938, agus dúradh i nóta a ghabh leis an meastachán forlíontach go lorgófaí Ordú Cúirte chun cuid den airleacan d’aisghabháil as eastáit an Ard-Aturnae éagtha sin, agus go dtionscnófaí reachtas chun an iarmhéid a shlánú don Stát-Chiste as foinsí eile. £2,252 4s. 0d. an caiteachas a bhí i gcoinne an tsoláthair agus rinneadh suim £482 4s. 6d., a fuarthas mar dhíbhinn ón eastát, a thabhairt chun cuntais i 1949-50 mar bhreis-fháltas stát-chiste, agus d’fhág sin £1,769 19s. 6d. d’iarmhéid gan slánú fós. Cuireach in iúl don Choiste go ndearnadh, de bhun geallúna a tugadh don Dáil nuair bhí an meastachán forlíontach á chur os comhair na Dála, Bille a dhréachtú d’fhonn an Stát-Chiste a shlánú as iarmhéideanna támha i gCiste Agróirí na hArd-Chúirte. Cinneadh sa deireadh, ámh, nach mbeadh sé do réir an nóis imeachta atá i réim, ná do réir prionsablaí airgeadais phoiblí, iarmhéidí támha Cúirte d’úsáid chun gadaíocht a dhéanas oifigigh phoiblí a shlánú, agus ní dheachthas ar aghaidh leis an reachtas a bhí beartaithe a dhéanamh. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta de thuairim go bhféadfaí críoch a chur leis an scéal agus aire na Dála a dhíriú air trí nóta a chur leis an gcéad Chuntas Leithreasa eile. Measann an Coiste, ámh, mar gheall ar na cúinsí go léir agus ag féachaint don nóta a ghabh le meastachán 1940-41, gur ceart a bhreithniú ar cheart údarás na Dála diarraidh chun an méid atá i gceist a mhuirear mar íocaíocht deiridh. RIALTAS AITIUIL.9. Foráltar le halt 16 d’Acht na dTithe (Leasú), 1948, go n-íocfar deontais le sclábhaithe talmhaíochta agus le daoine eile a gheibh a slí bheatha ar fad nó go formhór as talmhaíocht i leith an chostais a bhaineas le tithe a áitíd féin d’athfhoirgniú. Tarraingeadh aird an Choiste ar chásanna inar deonadh deontais faoin alt seo do dhaoine a bhí ag áitiú tithe i líomatáistí uirbeacha agus a bhí ag gabháil d’fhostaíocht nárbh fhostaíocht talmhaíochta sna líomatáistí sin. Cuireadh in iúl don Choiste gur cuireadh i bhfios don Roinn, toisc an míniú leathnaithe ar an téarma “sclábhaí talmhaíochta” atá in Acht na dTithe (Leasú), 1941, go raibh teideal dlí ag na daoine atá i gceist chun na deontais d’fháil de bhrí go mba dhaoine iad a bhí ag obair ar páigh agus a mb’fhéidir iad a scaoileadh as seirbhís go furasta. Ag féachaint don chomhairle dlíodóra, níl fonn ar an gCoiste a rá nach bhfuil na híocaíochtaí sin inmhuirear go cuí ar an Vóta. Is dóigh leo ámh go dtaispeánann an cás, nar nochtadh é, go bhfuil réimse caiteachais ann, ar ar éigin a samhlaíodh a leithéid nuair a bhí an reachtaíocht á achtú agus is dóigh leo gur ceart an taobh sin den scéal a bhreithniú maidir le reachtaíocht i dtaobh tithe atá beartaithe a chur i ngníomh. SEIRBHISI EITLIOCHTA AGUS METEORAIOCHTA.10. Tá foráil sa chomhaontú a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála leis an gceannasaí lónadóireachta ag Aerphort na Sionna go malairteoidís cóipeanna sínithe den fhardal troscáin agus trealaimh a sholáthródh an tAire don tseirbhís lónadóireachta. Is cosúil gur bhain moill mhór le hullmhú an fhardail sin, ach is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi ndeara go bhfuil cóipeanna sínithe malairtithe anois. Cuireadh in iúl don Choiste nach ndearnadh stocáireamh le fada ariamh ar an troscán agus an trealamh agus bheirid faoi ndeara gealltanas an Oifigigh Chuntasaíochta go bhfuil dlús curtha leis an scéal sin a chur ina cheart. Cta. 737-749 agus 753-755. 11. Chuathas faoi £173,162 caiteachais bhreise ar sholáthar £300,000 faoi Fho-Mhírcheann O., agus híocadh é as coigílteas ginearálta ar an vóta trí virement d’fheidhmiú. Mhínigh nóta a ghabh leis an gCuntas Leithreasa gurbh é ba mhó ba chúis leis an mbreis cinneadh a rinne an Roinn Airgeadais an caillteanas, £118,377 a bhain d’Aerlínte Éireann in aghaidh 1948-49 a shlánú d’Aer Rianta Teo. in ionad é d’íoc as an £457,000 brabúis a bhí ann de bharr sócmhainní Aerlínte Éireann a dhíol. Cuireadh in iúl don Choiste gur haistríodh chun na Roinne Airgeadais an méid sin mar iasacht gan ús. Ba é tuairim na Roinne Airgeadais gur sochar teagmhais a bhí sa bhrabús a tháinig de shócmhainní na cuideachtan a dhíol agus gur bhrabús caipitil é; agus gur cheilt ar fhíor-staid na cuideachtan caillteanas ioncaim na cuideachtan a laghdú trína chur do shlánú an chaillteanais sin, agus go mba é an rud ceart a dhéanamh an fíorchaillteanas ioncaim a thaispeáint agus an méid sin de chúnamh airgid d’iarraidh ar an Dáil. Ní mian leis an gCoiste tuairim a thabhairt ar an tslí inar cuireadh an £457,000 brabúis. Measaid, ámh, go mba cheart, mar gheall ar an mbreis mhór caiteachais faoi Fho-Mhírcheann O thar an tsuim a soláthraíodh agus, ós rud é gur amháin as coigilteas ginearálta ar an vóta d’fhéadfaí é d’íoc agus nach as coigilteas ar fho-mhírcheann nó fo-mhírcheanna eile chun críche den tsórt céanna nó de chineál den tsórt céanna, go mba cheart údarás na Dála d’iarraidh trí Mheastachán Forlíontach don méid breise a bhí ag teastáil. SEIRBHISI IOMPAIR AGUS MUIRI.12. Forálann alt 18 den Acht Iompair, 1944, go ndéanfar an t-airgead a bheas ag teastáil ón Aire Airgeadais ó am go ham le haghaidh íocaíochtaí faoin Stát d’urrú stoic bhintiúra Chórais Iompair Éireann, d’airleacan as an bPríomh-Chiste agus go ndéanfaidh an Chuideachta suimeanna a hairleacfar amhlaidh d’aisíoc laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain. Forálann an t-alt freisin go ndéanfar, i gcás aisíoc a bheith gan déanamh mar hordaítear a dhéanamh, aon mhéideanna a bheas gan aisíoc d’aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus, fós, nach saorfaidh aisíoc den tsórt as airgead vótáilte an chuideachta ó bheith faoi dhliteanas méid iomlán aon airleacain as an gCiste d’aisíoc fara ús. Rinneadh socrú trí mheastachán forlíontach chun £4,091,000 d’íoc le Córas Iompair Éireann. Bhí ar an tsuim sin £561,347 de dheontais nárbh inaisíoctha chun a chumasú don chuideachta suimeanna d’aisíoc leis an bPríomh-Chiste a hairleacadh roimhe sin ar scór úis ar stoc bintiúra faoi Alt 18, agus £209,000 le haghaidh úis bhintiúra reatha. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfios nach raibh an tslí inar tugadh na deontais sin do Chóras Iompair Eireann do réir ailt 18 den Acht sa mhéid gur mar dheontais nárbh inaisíoctha a heisíodh iad agus nach as an bPríomh-Chiste a hairleacadh an méid a theastaigh le haghaidh úis bhintiúra reatha. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, i gcúrsa a fhianaise, gurb é cúis gur sa tslí sin a rinneadh é ná chun sainléiriú a thabhairt don Dáil ar staid na cuideachtan san am, agus dúirt cé gur shocraigh an tAcht slí amháin nár dhún sé amach a mhalairt de shlí agus gur thug an tAcht Leithreasa feidhm dlí ina dhiaidh sin don tslí a leanadh. Ní féidir leis an gCoiste aontú gan choinníoll leis an tuairim gur féidir leis an Dáil forála reachta d’athrú nó a mhodhnú trí mheastachán forlíontach a daingnítear ina dhíaidh san Acht Leithreasa. Is é a dtuairim láidir nach ceart an nós imeachta sin a leanúint ach chomh hannamh ariamh agus is féidir agus amháin chun freastal d’éigeandáil sealadach: agus, nuair a tharlódh éigeandáil den tsórt sin go mba cheart, ionas nach mbeadh aon amhras ann i dtaobh intinn shoiléir daingean na Dála faoin scéal, a chur in iúl go soiléir ar an meastachán sárú a bheith á dhéanamh ag an vóta beartaithe ar reacht atá ann cheana agus, fós, na cúiseanna gur mar sin a bhíteas a dhéanamh a chur síos mar an gcéanna. (Sínithe) W. A. W. SHELDON, Cathaoirleach. 20ú Márta, 1952. |
||||||||||||