Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1949 - 1950::20 March, 1952::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

28ú Meitheamh, 1951:—Do hainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Ó Comhdhain, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Daimhin, Muiris Dockrell, Ó Fionáin, Ó Gallcobhair, Mac Giolla Bhrighde, Ó hIceadha, Mag Raith, Donnchadh Ó Súilleabháin, Pámar agus Sheldon.


19ú Iúil, 1951:—Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1950, a chur chun an Choiste um Chuntais Phoiblí, a ceapadh de bhun Orduithe na Dála ar an 28ú Meitheamh, 1951, chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.