Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1949 - 1950::17 October, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 17ú Deireadh Fómhair, 1951.

Wednesday, 17th October, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i áthair:—


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Daimhin, Muiris Dockrell, Ó Fionáin, Ó Gallcobhair, Mac Giolla Bhríghde, Ó hIceadha, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1949-50.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana, 1949-50. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeal Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhála Pearsanta (Síbhialtaigh), An Phríomh-Oifig Staidrimh Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Gealtlann Dúndroma agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Mac Eilgeóid (Rúnai, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach na gCoimisinéiri Ioncaim), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), Dr. L. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), D. Ó Cobhthaigh (Oifig na n Annálacha Poiblí), S. Ó Donnabháin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.25 p.m. go dtí 11 a.m., amárach.