Committee Reports::Report and Proceedings - Judicial Salaries, Expense Allowances and Pensions::19 December, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN ROGHA-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE SELECT COMMITTEE.

Dé h Aoine, 19ú Nollaig, 1952.

Friday, 19th December, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3 p.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Rúnaí Parlaiminte an Rialtais (i gCeannas), an tAire Dlí agus Cirt, na Teachtaí Ó hAllamhain, de Béalatún, Ó Colla, Ó Comhdhain, M. Dockrell, Ó hIrighile, Hilliard, MacEoin, Ó Muirgheasa agus T. Ó Súilleabháin.


3. Meabhrain o na Breithiuin.


Fuarthas Meabhrán ón bPríomh-Bhreitheamh thar ceann breithiún na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Feic Fo-Scríbhinn I).


Cuireadh in iúl don Choiste go raibh breithiúin na Cúirte Cuarda ag ullmhú meabhráin lena chur isteach i dtaca lena n-éileamh.


4. Meabhran o Bhreithiuin na Cuirte duiche.


Ordaithe: Go n-iarrfar ar bhreithiúin na Cúirte Dúiche meabhrán a chur isteach i dtaca lena n-iarratas ar shochair oifige fheabhsaithe.


5. Rinne an Coiste breithniú.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m. go dtí 2.30. p.m. Dé hAoine, 2ú Eanáir.