|
TUARASCAIL.CUID I—NOTAI GINEARALTA.Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú Aibreán, 1951.AN CHUIRT CHUARDA.Is maith leis an gCoiste a chlos go n-aontaíonn an tAire Airgeadais leis na tuairimí a nochtadh ina dtuarascáil ar na cuntais do 1946-47. Bheirid faoi ndeara, go bhfuil an tAire tar éis a chinneadh, ag féachaint do na cúinsí uile a bhaineas leis na hiocaíochta mí-rialta leis an luathscríobhaí, aisghabháil a tharscaoileadh agus deireadh a chur leis an scéal trí nóta a cuirfear leis an gcuntas leithreasa do 1950-51. COIMISIUN NA STAT-SHEIRBHISE.2. Fáiltíonn an Coiste roimh chinneadh an Aire go ndéanfar méid na bhfáltas ó stampaí táille a thaifeadadh feasta i nóta a ghabhfas le cuntas leithreasa gach vóta faoina n-éireoid. SEIRBHISI IOMPAIR AGUS METEARAIOCHTA3. Maidir leis an mbrú do phaisnéiri i bhFaing, bheir an Coiste dá n-aire, maidir leis an tréimhse ón 5ú Samhain, 1946, go dtí an 15ú Nollaig, 1947, a raibh an brú á oibriú, gur £11,753 na fáltais agus gur £13,005 na costais, agus gur díoladh an fhoirgint agus cuid den troscán agus de na feistis ina dhiaidh sin ar £8,462 14s. 6d. Luadh sa tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais don bhliain 1946-47 gur tuairim £53,000 an méid a bhí caite ar an mbrú a dhéanamh agus d’fheisteadh. Dhealródh mar sin gur chuir an fiontar glan-chostas an-mhór ar chistí poiblí. GNOTHAI EACHTRACHA.4. Maidir leis na hairleacain inaisíoctha a rinneadh le saoránaigh Éireannacha áirithe a raibh pinsin acu ó Chomhairle Cathrach Shanghai, bheir an Coiste dá n-aire nár hatosnaíodh ar phinsin d’íoc agus gur theip ar iarrachta chun cúiteamh d’fháil do na pinsinéirí ó fhoinsí eile. BUN-OIDEACHAS.5. Tá áthas ar an gCoiste a chlos go bhfuil an tAire ar aon aigne leis an tuairim gur ceart múinteoirí a mbíonn tuarastal á íoc leo le linn scoil a bheith dúnta ar feadh tréimhse fada le haghaidh deisiúcháin d’fhostú i scoil eile i ngach cás inar féidir é, agus go gcuirfidh sé dlús, aon uair a tharlós a leithéid de chás arís, leis na múinteoirí lena mbainfidh d’fhostú i scoileanna eile. AN tARM.6. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi ndeara go meastar gur gearr go n-eiseofar rialachán leathan-ghabhálach do dhéanamh rialuithe ar eisiúint éide chun comhaltaí an Fhórsa Chosanta Aitiúil. ARM-PHINSIN.7. Maidir le hiarratais ar phinsin d’athbhreithniú faoi na hAchta na bPinsean Seirbhíse Míleata, tá áthas ar an gCoiste a fhios a bheith acu go n-aontaíonn an tAire lena dtuairimí agus go ndéanfar mar is maith leo maidir le hachainíocha ar athscrúdú a déanfar faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1949. CUID II—CUNTAIS AIRITHE.Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.8. Aitreabh a bhí glactha ar léas ar feadh téarma 21 bliain ó 1947 ag Aerlínte Eireann, Teoranta, ar $20,000 cíosa sa bhliain móide cánacha (tuairim £2,375) tógadh é le haghaidh oifigí don Chonsal Ginearálta i Nua Eabhrac, agus, i gcomaoin an léas d’aistriú, híocadh £20,282 7s. 0d., leis an gcuideachta do shlánú an chaiteachais faoina ndeachthas maidir leis an áitreabh d’athnuachaint. Chuathas faoi £4,678 eile caiteachais i leith athruithe, troscán, costais aistrithe, etc. Bhíothas tar éis cuid den áitreabh a fholigean ar £1,000 cíosa sa bhliain agus bhí cuid eile dhe d’fhéadfaí d’fho-ligean, ach theip ar iarrachta chun tionóntaí d’fháil don chóiríocht bhreise. Luadh, ámh, ó ba rud é go mbeadh gnó ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha de bhunuithe na foirginte gur beag a bheadh fágtha sa deireadh le ligean. Bhreithnigh an Coiste na cúinsí faoina bhfuarthas an t-áitreabh sin, agus b’oiriúnach leo fianaise a chlos ón Oifigeach Cuntasaíochta don vóta Gnóthaí Eachtracha, agus, freisin, an tOifigeach Cuntasaíochta don vóta d’Oibreacha agus Foirgintí Poiblí a scrúdú. D’fhionnadar go ndearna an Roinn Gnóthaí Eachtracha an socrú maidir leis an áitreabh a cheannach le toiliú na Roinne Airgeadais agus nár scrúdaigh oifigigh theicniúla Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí an t-áitreabh agus nach ndeachthas i gcomhairle leis na Coimisinéirí sara bhfuarthas ordú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha an t-áitreabh a cheannach. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfaghann na Coimisinéirí seans de ghnáth chun a dtuairimí a nochtadh sara bhfaightear áitreabhacha chun críocha Stáit, ach, sa chás seo, gur fait accompli a cuireadh faoina mbráid. Is deacair leis an gCoiste a cúinsí a shamhlú dhóibh féin a bhéarfadh gur cheart go ndéanfaí, nuair a bheadh áitreabh á cheannach le haghaidh Consulachta. Ginearálta, an díoltóir a shlánú sa gcaiteachas go léir faoina ndeachthas ag déanamh an áitribh oiriúnach le haghaidh oifigí aer-chuideachtan. Níl a fhios acu an bhfuair Aerlínte Éireann, Teoranta, tairiscintí eile ar a leas san áitreabh nó ar tóraíodh malairt chóiríochta don Chonsalacht Ghinearálta. Mar gheall ar chúinsí an cháis níl an coiste i gcumas tuairim chinnte a thabhairt ar thuillteanais an eadarbhearta sin. Is ábhar imní leis an gCoiste, ámh, nár lig an nós imeachta a leanadh maidir leis an gceannach an ghnáth-dheis chun Oifigigh Chuntasíochta an vóta d’Oibreacha agus d’Fhorgintí Poiblí chun a údarás a chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál caiteachais a bhfuil sé freagarthach ann. COSAINT.9. Ceadaíodh suas le £2,200 caiteachais chun míle de rian iarnróid éadrom maraon, le bógaí agus inneall a cheannach, le húsáid maidir le hoibreacha áirithe a bhíothas a dhéanamh in aerodróm míleata. Cuireadh in iúl don Choiste gurb éard a bhí beartaithe gur pearsanna den chór déantais a d’oibreodh an trealamh, ach go dtáinig laghdú an-mhór i neart an chóir, agus go ndearnadh sa deireadh é a dhíoscor. Is cosúil nárbh fhéidir, cheal an lucht oibre a bhí riachtanach, an trealamh d’úsáid chun na críche dár ceannaíodh é. Toisc go raibh neart an chóir dhéantais ag laghdú mar bhí, is deacair leis an gCoiste a thuiscint conas a tharla nár breithníodh ceist an lucht saothair sarar hordaíodh an trealaimh sin. Bheirid dá n-aire, ámh, gur baineadh leas as an trealamh ar raonta airtléireachta agus muscaedaíochta. 10. Ag éirí as foriarratas, ag lorg 18,000 cótaí móra, a d’eisigh an Roinn Cosanta chun na Roinne Poist agus Telegrafa i mí Iúil, 1947, rinne an Roinn deiridh sin conradh i mí Mheáin Fhomhair, 1947, chun go ndéanfaí 24,000 slat seirs le haghaidh líneála do réir na sonraíochta a bhí ann an uair sin. Is cosúil go raibh sé i gceist le tamall anuas go nglacfaí le patrún nua cóta mhóir, agus nuair a formheasadh an pátrún go críochnaitheach i Mí na Nollag, 1947, shonraigh an tsonraíocht nua líneáil chadáis níos éadroime a chosnódh i bhfad níos lú ná an seirs. Theip ar iarrachta a tugadh chun an conradh a chealú mar bhí an seirs á dhéanamh, ach rinneadh socruithe leis an gconarthóir trínar críochnaíodh an t-ordú ar 16,703 slat a bheith seachadta. Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh cuid den tseirs a soláthraíodh a chur de leathtaobh le haghaidh éide don Fhórsa Cosanta Aitiúil agus go raibh an chuid eile á úsáid mar líneáil do chótaí móra mar nach bhféadfaí aon úsáid eile a dhéanamh dhe. Ní maith leis an gCoiste go ndeachthas faoi mhórchostas breise ar an gcaoi sin ag déanamh cótaí móra do réir sonraíochta a bhí cealaithe. Is dóigh leo gur tharla caillteanas sa chás seo d’fhéadfaí a sheachaint ach comhoibriú níos fearr a bheith ann maidir leis na socruithe chun na baill éadaigh a dhearadh agus na hábhair a cheannach. SEIRBHISI EITLIOCHTA AGUS METEARAIOCHTA.11. Tarraingeadh aird an Choiste ar easpa cruinnliostaí trealaimh a ceannaíodh as cistí poiblí agus a soláthraíodh d’Aer Rianta, Teoranta, maidir le bainistí Aer-Phoirt, Bhaile Atha Cliath, cé go raibh foráil shonrach sa chomhaontú idir an tAire Tionscail agus Tráchtála agus an Chuideachta go gcoimeádfaí taifid den tsórt sin. Toisc gur tábhachtach an ní é go gcoimeádfaí leor-thaifid id dtaobh trealaimh, etc., a ceannaítear as cístí poiblí agus a heisíear chun úsáide na Cuideachtan, ní féidir leo a thuiscint conas a tharla gur ligeadh don scéal seo leanúint suim bhlianta. Deirtear leo go ndearnadh stocáireamh leathan-ghabhálach agus go bhfuiltear ag dul ar aghaidh maidir leis na tuairisceáin stoc-áirimh a chur ar comhréir le taifid na méide a ceannaíodh, agus tá súil acu gur gearr go gcríochnófar an obair sin. TALMHAIOCHT.12. Rinne an Coiste ceist an chaiteachais agus na bhfáltas maidir le curadóireacht éiginteach a scrúdú. Do réir na nOrduithe Cumhachta Práinne iomchuí a bhain leis an obair sna séasúir ó 1940 go 1948, go huile, bhí de cheangal ar áititheoirí tailte airiúla cionúireacht sonraithe dá ngabháltais a chur, agus bhí cumhacht tugtha don Aire Talmhaíochta chun dul isteach ar a ghabháltais agus seilbh a ghlacadh orthu i gcásanna ina mainníodh na háititheoirí déanamh do réir forál na n-orduithe, agus na gabháltais d’oibriú nó iad a ligean. Leagadh síos freisin sna hOrduithe go mba cheart na fáltais ó bharraí a dhíol agus tailte a ligean a chaitheamh chun nó mar chabhair chun an costas faoina raghadh an tAire Talmhaíochta a ghlanadh, fiacha d’íoc a bheadh dlite d’údarás Stáit ó áititheoirí gabháltas a raghfaí isteach orthu, nó rátaí d’íoc a bheadh dlite ó na háititheoirí sin d’údarás áitiúil. Is eol don Choiste nárbh fhéidir don Roinn sa deireadh brabach a dhéanamh maidir leis an hOrduithe d’fhorfheidhmiú, mar i gcás gach gabháltas a ndeachthas isteach air, híocadh le háititheoir an ghabháltais aon fharasbarr d’fhan i ndiaidh costais an Aire agus éilithe aon ranna Stáit eile agus aon údaráis áitiúil d’íoc, agus híocadh as airgead a vótáladh aon chaillteanas a bhí ann. I dtuarascáil roimhe seo, chuir an Coiste in iúl go raibh súil acu go ndéanfaí gach dícheall feasta, faoi na cúinsí a luaitear, an caillteanais a choimeád chomh beag agus dob fhéidir, agus bheirid dá n-aire nár mhó ná £12,313 an caillteanas glan a bhí ann i rith na tréimhse naoi mblian a bhí na horduithe curadóireachta éigeantaí i ngníomh. CUNAMH AIRGID I LEITH TORADH TALMHAIOCHTA.13. Sa bhliain 1947-48, cheannaigh an Coiste Margaíochta Ime, trí shocrú leis an Roinn Talmhaíochta, 16,427 cmn., ime nárbh im uachtarlainne agus a grádáladh mar im bhí oiriúnach le haghaidh úsáide tis. Cuireadh ar fuar-stóras é. Ceapadh go gcuirfí i gcaitheamh go luath an t-im, ach ar chúiseanna iomaí, d’fhan 2,138 cmn., de ar fuar-stóras a d’éirigh, leis an aimsir, neamh-oiriúnach le haghaidh úsáide tís agus díoladh é le haghaidh déantóireachta. Slánaíodh an caillteanas leis an gCoiste Margaíochta Ime as an Vóta í dtaobh Cúnamh Airgid i leith Toradh Talmhaíochta agus £7,054 an méid a bhí ann, gan cúnamh airgid d’áireamh. Is feasach an Coiste go raibh athruithe gan choinne ar chúrsaí soláthair agus éilimh ina shiochair amháin leis an gcaillteanas seo, ach, i ngeall ar an gcontúirt a bhí ann go meathfadh an t-im seo dá mbeadh sé i bhfad ar fuarstóras, is deacair leo a thuiscint cén fáth nár cuireadh dlús lena dhiúscairt sarar thosnaigh sé ag meath. Tá súil acu go nglacfar réamhchúram chun caillteanas den tsórt sin a sheachaint má bhíonn riachtanas ann arís chun aon tsocruithe den tsórt chéanna a dhéanamh. IASCAIGH.14. Bheir an Coiste faoi ndeara gur rí-bheag a haisíocadh, le blianta beaga anuas, de na hiasachta iascaigh a tugadh sarar cuireadh Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann ar bun i 1930, agus go bhfuil tuairim £20,000 i gcónaí san iarmhéid gan íoc dá dtagrann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil bhliantúil. Chítear don Choiste gur sócmhainn bhréige is mó atá anseo agus go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí na n-iasacht atá gan aisíoc. ARACHAS SLAINTE NAISIUNTA.15. D’fhoráil Alt 17 (2) den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta 1947, go ndéanfaí suimeanna a bheadh dlite ó airgead vótálta don Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta in aghaidh aon bhliana airgeadais d’íoc leis an gCiste “i rith na bliana airgeadais sin”. Is soiléir nárbh fhéidir a chinneadh cad é díreach an fiachas a bheadh ann chun an Chiste roimh dheireadh na bliana airgeadais, agus rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tagairt do £4,689 d’iarmhéid a híocadh as an vóta do 1948-49 a bhí dlíte in aghaidh na bliana roimhe sin. Is maith leis an gCoiste é a chur in iúl dóibh go bhfuil an deacracht riaracháin fuascailte anois ag Alt 27 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950, faoinar leasaíodh, le héifeacht cúlghabhálach, Alt 17 (2) d’Acht 1947 tríd na focail “i rith na bliana airgeadais sin” a scriosadh as. 16. I rith na tréimhse ón 17ú Eanáir, 1948, go dtí an 7ú Márta, 1948, ní raibh ar chumas Chumainn an Arachais Náisiúnta ar Shláinte, mar gheall ar chonspóid oibre, sochair d’íoc faoi na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta. Rinneadh Ordú dar teideal na tOrdú Leasa Shóisialaigh (Liúntais Ionaid), 1948 (Ionstraim Reachtúil Uimh. 8 de 1948), agus d’údaraigh d’údaráis chúnaimh phoiblí liúntais ionaid d’íoc agus d’fhoráil go ndéanfaí na híocaíochta d’íocfaidís a shlánú leo ina dhiaidh sin as airgead vótálta nuair a dheimhneodh an tAire Leasa Shóisialaigh na méideanna. Ina thuarascáil ar na cuntais do na blianta 1947-48 agus 1948-49, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun cruthnuithe gur ar fhoras sealadach faoi réir coigeartuithe do réir mar ba ghá sin a rinneadh na híocaíochta a muirearaíodh ar an gcuntas i ngach bliain acu sin. Bheir an Coiste faoi ndeara go bhfuil deimhnithe tugtha anois ag an Aire i leith na méideanna a chaith fiche a sé de na húdaráis chúnaimh phoiblí agus tá súil acu go bhfaighfear gur féidir deimhnithe a thabhairt go luath sna sé cásanna eile. (Sínithe) LIAM SHELDON, Cathaoirleach. 18ú Iúil, 1951. |
||||||||||||