Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::09 November, 1950::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 9ú Samhain, 1950.

Thursday, 9th November, 1950.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Lathair:


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Coburn, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Deirg, Mac Giolla Phádraig, Mac Giolla Bhríghde, Mac Ceit, Máirtín Ó Suilleabháin, Mac Páidín agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thogha.


Tairiscint déanta (An Teachta Sheldon):


“That Deputy Derrig be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe


Chuaigh an Teachta Ó Deirg i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49.


Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana, 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeal Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhála Pearsanta (Síbhialtaigh), Fóirthin ar Ghátar, Luach Saothair Stát-Sheirbhíseach, Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Luachail agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Gealtlann Dún droma agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


5. Finneithe a Ceistniodh.


Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), R. Rís (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), C. Mac Eilgeóid (Ccimisinéir Luachála), Dr. L. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), Diarmuid Ó Cobhthaigh (Oifig na nAnnálacha Poiblí), M. Breathnach agus S. Ó Donnabháin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, an 16ú Samhain.