Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::18 July, 1951::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

11ú Iúil, 1950:—Orduithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó sin sa Bhuan-Ordú reamhráithe, an Coiste comhdhéanta de cheithre comhaltaí déag agus gur cúigear an córam; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1949, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.


18ú Iúil, 1950:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Briscoe, Coburn, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Ó Comáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Deirg, Mac Giolla Phádraig, Mac Giolla Bhríghde, Mac Ceit, Máirtín Ó Suilleabháin, Mac Páidín agus Sheldon.


28ú Meitheamh, 1951:—Orduithe, Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin aon ní contrártha dhó sin sa Bhuan-Ordú réamhráite, an Coiste comhdhéanta de shé chomhalta déag agus gur seisear a bheas mar chóram; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1949, agus Mion-tuairiscí na Fianaise a togadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí ar an Tuarascáil sin, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.


28ú Meitheamh, 1951:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Ó Comhdhain, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Daimhin, Muiris Dockrell, Ó Fionáin, Ó Gallcobhair, Mac Giolla Bhríghde, Ó hIceadha, Mag Raith, Donnchadh Ó Súilleabháin, Pámar agus Sheldon.