Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1949 - 1950::18 October, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 18ú Deireadh Fómhair, 1951.

Thursday, 18th October, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Teachta Sheldon (i gCeannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Ó Daimhin, Muiris Dockrell, Mac Giolla Bhríghde, Ó hIceadha, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1949-50.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1949-50. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, An Dánlann Náisiúnta, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), T. Mag Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), D. Ó hEigceartuigh (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), M. Breathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. An cruinniú ar Fionraí.


Ordaithe: An Coiste do dhul ar athló ó 1.10 p.m. go 2.30 p.m.


Cuireadh an Coiste ar athló dá réir sin ar 1.10 p.m.


Chruinnigh an Coiste arís ar 2.30 p.m.


6. Breithniú na gCuntas Leith reasa, 1940-50.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1949-50. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar san Eoraip, Cosaint agus Arm-Phinsin.


7. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Ó Nuanáin (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), P. Mac Mathghamhna, Lefteanant-Ghinearál (Rúnaí, An Roinn Cosanta), M. Breathnach agus P. Ó Cléirigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


8. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 3.45 p.m. go dtí 2.30 p.m. Dé Céadaoin, an 24ú Deireadh Fómhair.