Committee Reports::Report and Proceedings - Meath Hospital Bill, 1950::14 December, 1950::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN ROGHA-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE SELECT COMMITTEE.

Déardaoin, 14ú Nollaig, 1950.

Thursday, 14th December, 1950.

1. Chruinnigh an Coiste ar 12 meánlae.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Mac Phartaláin, Ó Brádaigh, Brioscú, Ó Colla, Dockrell, Ó Dubhghaill, Hilliard, Ó Lorcáin, Conchubhar Ó Liatháin, Mac Canna, Máirtín Ó Súilleabháin agus Sheldon.


3. Cathaoirleach a Thogha.


Thairg an Teachta Ó Dubhghaill:—


“That Deputy McCann be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh an Teachta Mac Canna i gCeannas dá réir sin.


4. Tuairisc na Diospoireachtai.


Ordaithe: Ná déanfar díospóireachtaí an Choiste a thuairisciú go hoifigiúil.


5. Fogra faoi Leasuithe.


Ordaithe: Go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe ar an mBille a thairgfear tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, an 17ú Eanáir, 1951.


6. Cumhacht chun Fianaise a ghlacadh.


Do bhreithnigh an Coiste na téarmaí tagartha a ceapadh dóibh agus cinneadar ar gan feidhm a bhaint as an gcumhacht a tugadh dóibh chun fios a chur ar dháoine, ar pháipéir agus ar thaifid ach go mbreithneoidís aon uiríolla a cuirfí faoina mbráid i scríbhinn ar abhar an Bhille.


7. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 3 p.m., Dé Céadaoin, an 24ú Eanáir, 1951.