Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::24 November, 1949::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 24ú Samhain, 1949.

Thursday, 24th November, 1949.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Tomás Ó Deirg (i gCeannas), Onóir Bean Uí Chruadhlaoigh, Muiris Dockrell, Micheál Mac Giolla Phádraig, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Mac Páidín, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1947-48. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, Gnóthaí Eachtracha agus Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála.


4. Ceistníodh Seosamh Ó Conghaile (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), Feardorcha Ó Beoláin (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Eamon Mac Lochlainn (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaiochta agus Eigeandála), Pádraig Ó Ceallaigh agus Micheál Breathnach (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 1ú Nollaig, 1949.