Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::01 December, 1949::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1ú Nollaig, 1949.

Thursday, 1st December, 1949.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. I láthair: Tomás Ó Deirg (i gCeannas), Séamus Ó Coileáin, Onóir Bean Uí Chruadhlaoigh, Micheál Mac Giolla Phádraig, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1947-48. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Gealtlann Dúndroma, Oifig na nAnnálacha Poiblí, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí.


4. Ceistníodh Dr. L. Ó Cadhain (Gealtlann Dúndroma), Diarmuid Ó Cobhthaigh (Oifig na n Annálacha Poiblí), Leon Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), Tomás Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), C. S. Almond, agus P. Mac Enrí (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 7ú Nollaig, 1949.