Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::17 November, 1949::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17ú Samhain, 1949.

Thursday, 17th November, 1949.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Tomás Ó Deirg (i gCeannas), Onóir Bean Uí Chruadhlaoigh, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Mac Páidín agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1947-48. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Páipéirachas agus Clódóireacht, Luacháil agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis agus Oifig na nOibreacha Poiblí.


Breithníodh an Cuntas seo a leanas agus cuireadh ar ath-ló é:—Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


4. Ceistníodh R. Rís (Cathoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), S. B. Ó Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), Seosamh Ó Conghaile (Cathaoirleach, Ccimisinéirí na nOibreacha Poiblí), C. S. Almond, S. Ó Maonaigh, M. Breathnach (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 24ú Samhain, 1949.