Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::10 November, 1949::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 10ú Samhain, 1949.

Thursday, 10th November, 1949.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Riobárd Briscoe, Séamus Coburn, Onóir Bean Uí Chruadhlaoigh, Micheál Mac Giolla Phádraig, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Mac Páidín, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Tairiscint déanta (Riobárd Briscoe):


“That Deputy Sheldon act as Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Chuaigh Liam Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathehromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1947-48. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeal Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhála Pearsanta (Síbhialtaigh), Fóirthin ar Ghátar agus Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais.


5. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 17ú Samhain, 1949.