Committee Reports::Report - Statements relating to Member made by a Minister in Dáil on 14th December 1948::16 December, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 16ú Nollaig, 1948.

Thursday, 16th December, 1948.

1. Tháinig an Coiste le chéile ag 7.30 p.m. i Seomra 106.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach): an Rúnaí Parlaiminte don Taoiseach; na Teachtaí G. O Beoláin, O Cuagáin, O Dabhoireann, O Dubhghaill, O hAilleadáin. O Cinneide, Mac Aoidh, Mac Giollaléith, O Cíosáin, O Loingsigh, Mac Canna, Mac Meanman, Mac Páidin agus O Tiománaigh.


Bhí an Leas-Cheann Comhairle i láthair an chruinnithe freisin.


3. RAITIS A RINNE AN tAIRE TALMHAIOCHTA I DTAOBH AN TEACHTA O COMHRAIDH:


Dúirt an Ceann Comhairle go ndearna an tAire Talmhaíochta, i rith na díospóireachta ar an Dara Céim den Bhille Talmhaíochta (Leasú), 1948, an 14ú Nollaig, ráitis a chaith amhras ar ionracas an Teachta O Comhraidh maidir le haol a fuair sé ó Mhonarchain an tSiúera Bhiatais i dTuaím, agus nuair a thug an Teachta míniú pearsanta ar an gceist an lá ina dhiaídh sin sa Tigh pár tharraing an tAire na ráitis siar. Mheas an fear ceannais, dá réir sin, gur cheart an scéal a chur faoi bhráid an Choiste chun a íníúchta ó dhealraígh sé gur tugadh aíthis eínígh ar Chomhalta den Tigh.


Rinne an Coiste cúrsaí a phlé


Tairiscin déanta—An Teachta O hAilleadáin:


“That no further action be taken by the Committee in the matter.”


Leasú tairgthe—An Teachta Mac Giollaléith:


“To delete all words after the word ‘That,’ and substitute the words ‘it be recommended to the House that a Judicial Tribunal be set up to investigate the matter.”


Ceist curtha:—Rinne an Coiste vótáil: Tá, 8: Níl, 7.


: Na Teachtaí O Beoláin, O Coagáin. O Dabhoireann, O Cinnéide. Mac Giollaléith, O Cíesáin, O Loingsígh agus Mac Canna.


Níl: An Rúnai Parlaíneinte do Taoiseach: Na Teachaí O Dublghaill. O hAilleadáin, Mac Agidh, Mac Meanman Mac Páidín agus O Tiománaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


An Bhun-Cheist, arna leasú, curtha: Rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 7.


: Na Teachtaí O Beoláin, O Cuagáin, O Dabhoireann, O Cinnéide, Mac Giollaléith, O Cíosáin, O Loingsigh agus Mac Canna.


Níl: An Rúnaí Parlaiminte don Taoiseach: Na Teachtaí O Dubhghaill. O hAilleadáin, Mac Aoidh, Mac Meanman, Mac Páidín agus O Tiománaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Dréacht-Tuarascáil le hullmhú dá réir sin.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ag 8.35 p.m.