Committee Reports::Report - Statements relating to Member made by a Minister in Dáil on 14th December 1948::17 February, 1949::Report

TUARASCAIL

1. Phlé an Coiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí iarratas an Chinn Chomhairle go mbreithneoidís ráitis áirithe a rinne an tAire Talmhaíochta i rith na díospóireachta ar an Dara Céim den Bhille Talmhaíochta (Leasú), 1948, an 14ú Nollaig, 1948 (Tuairise Oifigiúil, Iml. 113, Uimh. 11, Col. 1506-1508), a chaith amhras ar ionracas an Teachta Ó Comhraidh maidir le haol a fuair sé ó Mhonarchain an tSiúcra Bhiatais i dTuaim.


2. Dhiúltaigh an Coiste de thromlach do mholadh nach ndéanfadh an Coiste aon bheart, agus chinneadar, ina ionad sin, a mholadh don Tigh go n-iniúchfadh Binse Breithiúnas an ní a cuireadh faoina mbráid.


(Sínithe) PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


17ú Feabhra, 1949.