Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::07 July, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7ú Iúil, 1948.

Wednesday, 7th July, 1948.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seán Mac an tSaoi (i gCeannas), Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Ó Coileáin, Bearnard Ó Comáin, Muiris Dockrell, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1946-47. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Tionscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Meteoraíochta, Muir-Sheirbhís, Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionscail agus Tráchtála agus Airleacain Iasachta Trádála d’Aisíoc.


4. Ceistníodh Seán Ó Luideáin (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), Sáirséal Ó hÓgáin agus Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí déardaoins, 18ú Samhain, 1948.