Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::18 November, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 18ú Samhain, 1948.

Thursday, 18th November, 1948.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seán Mac an tSaoi (i gCeannas), Séamus Coburn, Séamus Ó Coileáin, Bearnard Ó Comáin, Muiris Dockrell, Mícheál Mac Giolla Pádraig, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, Máirtín Ó Súilleabháin agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1946-47. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Talmhaíocht, Cúnaimh Airgid alos Tortha Talmhaíochta, Iascach, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Císte.


4. Ceistníodh Seán Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Leon Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), Liam Wann (Rúnaí, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), C. S. Almond, P. Mac Enrí, Máire Bhreathnach, S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.50 p.m.