Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::01 July, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1ú Iúil, 1948.

Thursday, 1st July, 1948.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seán Mac an tSaoi (i gCeannas), Niall Bléine, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Ó Coileáin, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1946-47. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Bainistí Stoc Rialtais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hEireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Timpeall Toghchán agus faoi Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Ollscoileanna agus Coláistí, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhála Pearsanta (Síbhialtaigh), Fóirithin ar Ghátar, Ciste Forbartha Idirlinne, Tuarastal Stát-Sheirbhíseach, agus Aisíocaíochta leis an gCiste Teagmhais.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 7ú Iúil, 1948.