Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::23 June, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 23ú Meitheamh, 1948.

Wednesday, 23rd June, 1948.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seán Mac an tSaoi (i gCeannas), Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Ó Coileáin, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1946-47. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Arm-Phinsin, Rialtas Áitiúil agus Sláinte Phoiblí Oifig an Aire Sláinte, Oifig an Ard-Chláraitheora, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Pinsin Sean-Aoise, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Arachas Sláinte Náisiúnta, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Liúntais Bhídh, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála agus Oifig na nAnnálacha Poiblí.


4. Ceistníodh Peadar Mac Mathgamhna, Lefteneant-Ghenerál (Runaí, Roinn Cosanta), S. Ó Coileáin (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), P. Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), D. Ó Donnobháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), R. R s (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), Eamon Mac Lochlainn (Stiurthóir, Oifig Scéimeanna Speisialta Fostaíochta), Diarmuid Ó Cobhthaigh (Oifig na nAnnálacha Poiblí), C. S. Almond, Pádraig Ó Ceallaigh agus Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Déardaoin, lú Iúil, 1948.