Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1945 - 1946::10 December, 1947::Report

TUARASCAIL.

CUID I.—NOTAI GINEARALTA.

MIONTUAIRISC ON AIRE AIRGEADAIS DAR DATA AN 4u NOLLAIG, 1947.

Solathairti.

1. Bheir an Coiste dá n-aire nach mian leis an Aire a thuilleadh a rá mar gheall ar an méid adúradar i dtaobh an nós imeachta a leanadh maidir leis na scaireanna i Loingeas Éireann, Teoranta, d’aistriú. Tá súil acu, ámh, go dtabharfar aird ar na tuairimí a nocht an Coiste, má éiríonn ceist dá shamhail sin aon uair feasta.


Oibreacha agus Foirginti Poibli.

2. Is cúis sásaimh leis an gCoiste a thabhairt faoi ndeara go n-aontaíonn an tAire Airgeadais lena dtuairim nach cóir conartha ar fhoras costas fara brabús a thabhairt ach amháin i gcásanna an-neamhghnáthacha. Tá súil acu go ndéanfar gach dícheall chun uimhir na gconartha a bhéarfar ar shlí seachas ar phraghas socair a laghdú oiread agus is féidir.


Liuntais Leanai.

3. Bheir an Coiste dá n-aire go dtagann den Acht Liúntas Leanai (Leasú), 1946, d’achtú agus de na Rialacha Liúntas Leanaí (Cónai Rialta), 1946, a dhéanamh, ná fuil teideal ag fostóir anois chun liúntas leanaí d’fháil i leith linbh a bheas ar fostú aige, ach amháin i gcás ná fuil teideal a thuilleadh ag tuistí an linbh chun cúraim an linbh, agus más rud é go bhfuil teideal ag na tuistí chun cúraim an linbh gur leo sin amháin is féidir an liúntas d’íoc.


An tArm.

4. Ní léir don Choiste conas mar atá an scéal maidir le dliteanais an Stáit agus na n-únaerí, leith ar leith, i dtaobh damáiste d’áitreabh áitithe de dheasca tine. Bheirid dá n-aire go ndéanann an Stát, do réir an ghnáth-chleachta, a árachas féin d’iompar agus dliteanas a ghlacadh in aghaidh aon damáiste ó áitíocht mhíleata. Bheirid dá n-aire freisin gurbh é tuairim an Aire Chosanta agus an Aire Airgeadais, sa chás áirithe a bhí i gceist, gur trí thionóisc a tharla an tine agus go ndearnadar iarracht, do réir mar tuigtear don Choiste, ar dhliteanas a shéanadh mar gheall air sin. Dhealródh sé, dá bhrí sin, go bhfuil idirdhealú á dhéanamh idir damáiste ó na gnáth-fhiontair a ghabhas le gnáth-áitíocht agus damáiste ó na fiuntair speisialta a bhaineas le háitíocht ag pearsanra míleata. Uime sin, agus ar an abhar gur tharla codarsnacht an bhfianaise le linn na héisteachta san Ard-Chúirt maidir le nádúir an dliteanais faoina ndeachthas, tá súil an gCoiste go mbreithneofar ar an cheist féachaint an bhféadfaí a mhíniú níos cruinne conas a bheidh maidir le dliteanas i leith damaiste nuair a beifear ag tógaint áitreabh feasta.


Arm-phinsin.

5. Bheir an Coiste dá n-aire go bhfuiltear tar éis cumhacht a ghlacadh anois in Alt 3 den Acht Arm-Phinsean, 1946, chun pinsin agus liúntais arna ndeonadh faoi na hAchta Arm-Phinsean d’athbhreithniú ag féachaint do dhámhachtana cúitimh iardain ó bhunadh eile.


CUID II.—CUNTAIS FAOI LEITH.

An Garda Siochana.

6. Maidir le fionraí gníomhachta na gCaomhnóirí Aitiúla agus a scor ina dhiaidh sin, cuireadh in iúl don Choiste go dtáinig an t-ordú “seasamh ar áis” in éifeacht an 8ú Eanáir, 1945, ach go rabhthas ag seachadadh anuas go dtí an 22ú Feabhra, 1945, soláthairtí éide a bhítheas tar éis a ordú agus a fháil. Ina dhiaidh sin díoladh, go mór faoi bhun an phraghais cheannaigh, na baill éadaigh nár heisíodh. Ní féidir i gcónaí dul ó chailliúint den tsórt sin nuair a scoirtear, gan choinne, de sheirbhís, ach is dóigh leis an gCoiste go bhfeadfaí, sa chás seo, bheith ag súil leis an scor agus go bhféadfaí dul i mbun conartha le haghaidh soláthairtí nár dhócha a bheith ag teastáil d’fhorceannadh, agus airgead a shábháil dá bharr sin do na cistí poiblí. Ba mhaith leis an gCoiste go ndeimhneofaí dhóibh go dtugann an modh oifigiúil imeachta atá ann leor-chaoi ar shocrú a dhéanamh, i gcás seirbhísí poiblí a bheith le forceannadh, chun ná raghfaí faoi chaiteachas nach gá a thuilleadh.


An Chuirt Duiche agus an Chuirt Chuarda.

7. Tá tagairt sna nótaí a ghabhas leis na cuntais de shé cinn de chásanna ina ndearna cléirigh Chúirte míleithreasú ar shuimeanna móra. I gcúig cinn de na cásanna sin slánaíodh na suimeanna iomlána, ach sa dá cás fágadh £70 mar mhuirear ar chistí poiblí. An t-airgead a gheibh cléirigh Chúirte is cosúil gur suimeanna beaga a bhíonn ann a híoctar ó am go ham, a urmhór in airgead tirm, agus gur deacair bheith cinnte go dtugtar cuntas beacht ar na suimeanna go léir. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil cosaint ar chailliúint ag an Stát i gcás gnáthchléireach na Cúirte Dúiche mar go mbíonn ar an gcléireach, ar é a cheapadh, dul faoi bhanna dílseachta agus fós go bhfuil rialacháin curtha i bhfeidhm anois i dtreo ná féadfadh suimeanna móra bheith fágtha i lámha na gcléireach. Tá an Coiste sásta go bhfuil aire mhaith á thabhairt ag an Roinn don mhodh rialuithe, agus tá súil acu go ndéanfar gach is féidir chun ná tarlóidh míleithreasú arís.


Bun-Oideachas.

8. Pléadh ag an gCoiste an córas atá ag an Roinn chun oibriú na bhfeirm atá ag gabháil leis na Coláistí Ullmhúcháin a rialú agus tugadh suntas d’athruithe, a léiríodh sna ráitis faoi fháltais agus íocaíochta, ar thoradh na mbarraí agus ar na praghsanna a fuarthas ar ainmhithe agus ar thoradh i gcás na bhfeirmeacha éagsúla. Cuireadh in iúl don Choiste go dtugadh saineolaí talmhaíochta ó fhoirinn na Roinne cuairteanna ar na feirmeacha á n-iniúchadh, ach ó d’éirigh seisean as a phost ná raibh duine oiriúnach le fáil le haghaidh na hoibre agus go raibh socrú eile á bheartú ag an Roinn. Measann an Coiste go mba dheacair don Roinn rialú éifeachtach a dhéanamh ar oibriú na bhfeirmeacha mura mbeadh scrúdú rialta á dhéanamh ar na feirmeacha ag duine a mbeadh an t-eolas ba ghá ar thalmhaíocht aige agus ba mhaith leo scéala a fháil ón Roinn nuair bheas breith tugtha acu ar an gceist.


Seirbhisi Iompair agus Meteoraiochta.

9. Do híocadh suim £2,000 as an vóta seo chun slánuithe an chailteanais a tháinig de chothabháil na Seirbhíse Lónadóireachta in Aerphort na Sionna. Bheireann an Coiste faoi deara nár cinneadh fós go críochnaitheach na muirir i gcoinne na seirbhíse sin le haghaidh cíosa agus leictreachais agus nach suim chinnte an méid atá curtha síos mar easnamh sa chuntas leithreasa. Ní dóigh leis an gCoiste gur ceart bheith sásta leis an ní sin agus measaid gur ceart na muirir sin a chinneadh go deimhnitheach a luaithe is féidir.


Liuntais Leanai.

Aguisín XII.


10. Cuireadh in iúl don Choiste dámhachtana áirithe liúntais leanaí a rinneadh gan na foirmeacha éilimh a bheith sínithe ag na héilitheoirí nó gan iad a bheith faighte sa Roinn roimh thosach na tréimhse íoca iomchuí. Is cosúil go raibh amhras ann i dtaobh na dámhachtana sin a bheith bailí faoi na hAchta Liúntas Leanaí agus, le linn na díospóireachta ag an gCoiste, gheall an tOifigeach Cuntais comhairle dlí a ghlacadh i dtaobh na bpáirtí a bhí i gceist. Chuathas i gcomhairle ó shoin leis an Oifigeach Dlí agus tá a thuairim in Aguisin xii a ghabhas leis an tuarascáil seo. Ag féachaint don tuairim a thug an tOifigeach Dlí ní mheasann an Coiste gur gá a thuilleadh a dhéanamh sa scéal.


Oibreacha agus Foirginti Poibli.

11. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh neamhrialtacht ann maidir le fostú agus freastal oibrithe i gceardlann cheantair. Dealraíonn sé go raibh roinnt oibrithe ar fostú ar obair neamhoifigiúil i rith uaireanta oifigiúla agus gur deimhníodh na leatháin pháighe ina leith go neamhrialta agus, thairis sin, go raibh baill áirithe trealaimh nár tugadh cuntas orthu. Pléadh freisin neamhrialtachta eile a bhaiu le míleithreasú airgid a fuarthas as talamh a ligean ar féarach. Bheir an Coiste dá n-aire go ndearnadh gníomh araíonachta sna cásanna sin ach chítear dóibh go dtaispeánann na neamhrialtachta sin go bhfuil lochta ar na socruithe atá ann maidir le maoirseacht agus ba mhaith leo deimhniú a bheith acu gur cuireadh le héifeacht an chórais rialuithe.


Talmhaiocht.

12. Do hinseadh don Choiste go raibh glan-chailliúint ann trí oibriú an orduithe chuireadóreachta éigeanta do shéasúr 1945 agus nárbh fhéidir leis an Roinn, i ndeireadh na cúise, brabach a dhéanamh as forfheidhmiú na n-orduithe a bhain le cuireadóireachta éigeantacha mar go ndéantar aon airgead fuílligh a bhíos ann, tar éis costais an Aire agus éilithe ranna eile Stáit agus éilithe údarás áitiúla a ghlanadh, d’íoc le háititheoir na ngabháltas a ndeachthas isteach iontu. Tá an Coiste ag brath air go ndéanfar gach iarracht, ós mar sin atá an scéal, leis an gcailliúint a choimeád chomh híseal agus is féidir.


Iascach.

13. Díríodh aird an Choiste ar chás inar haisíocadh le Bord Coimeádaithe na costais a bhain le himeachta dlí maidir le ciontú sa Chúirt Dúiche i mbrabúis a gabhadh go neamhdhleathach a shealbhú go neamh-dhleathach. Neamhníodh an ciontú sin san Ard-Chúirt ar an bhforas, inter alia, nár taifeadadh é sa bhfoirm cheart agus theip ar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí. Bheireann an Coiste dá n-aire go bhfuil an Roinn Airgeadais ag plé an scéil leis an Roinn Dlí agus Cirt d’fhonn a dheimhniú go ndéanfar taifeadadh ceart ar chiontuithe feasta.


An tArm.

14. Maidir le diúscairt mhótar-fheithiclí barrachais, ceadaíodh socruithe chun 300 laraithe a dhíol le cuideachta phoiblí ar phraghsanna a chinnfeadh Eadránaithe a cheapfadh an tAire Airgeadais. Do réir dealraimh, nuair a bhí na luachála ar fáil, shocraigh an chuideachta gan glacadh ach le 35 cinn de na laraithe ar na praghsanna a luadh, agus díoladh an chuid eile ar deireadh ar ceant poiblí. £1,484 18s. 9d. táillí na luachálaithe agus na costais. Os rud é, gur d’aon-ghnó leis an 300 laraithe a dhíol a chuathas faoin gcaiteachas sin is cosúil gur bheag an tairbhe é nuair nár glacadh ach le 35 laraithe. Uime sin, ní mheasann an Coiste gur shocrú sásúil é dul faoi chaiteachas den méid sin gan comhaontú cinnte a bheith ann leis an gcuideachta go nglacfaidís na feithiclí go léir a luacháladh ar na praghsanna a chinn na hEadránaithe.


15. Rinneadh tagairt d’íocaíochta aiscí éigeandála le saighdiúirí a ciontaíodh i láthair arm-chúirte toisc an t-arm a thréigint agus ar gearradh tréimhsí príosúntacht orthu. Bunaíodh na haiscí ar thréimhsí seirbhíse a thugadar tar éis iad a shaoradh. Do réir mar foráltar le halt 71 (4) den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923, má gearrtar príosúntachta ar shaighdiúir urscaoiltear as an Arm é ar sin a tharlachtaint. Mar sin bhí sé neamhrialta na saighdiúirí sin a choimeád sa tseirbhís. Cuireadh in iúl don Choiste gur dearmad riaracháin faoi ndear nár hurscaoileadh iad; ba mhaith leo luí ar a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfaí go beacht na forála reachtúla a bhaineas le seirbhís phearsanra an Airm.


16. Rinneadh tagairt freisin d’íocaíochta aiscí éigeandála le beirt shaighdiúirí faid a bhíodar ag feitheamh lena dtriail sna cúirteanna síbhialta ar chúisimh a ndearnadh, ina dhiaidh sin, iad a chiontú iontu agus iad a dhaoradh chun téarmaí príosúntachta ina leith. Dhealraigh sé gur tharla, de dheasca dearmaid, ná dearna na húdaráis mhíleata na fíorais maidir leis na cúisimh a bhí ar feitheamh i gcoinne na bhfear a chur in iúl do bhrainse riaracháin na Roinne agus ná húdarófaí na híocaíochta dá mbeifí tar éis sin a dhéanamh. Thug an fhaillí sna fíorais a chur in iúl caillteanais ar na cistí poiblí agus tá an Coiste ag súil leis go ndéanfar beart chun a áirithiú go n-ineosfar gach eolas iomchuí sna Gnáth-orduithe feasta.


17. Nuair a bhí an Roinn Airgeadais ag tabhairt ceada chun éadaí a cheannach le haghaidh riachtanais na bliana rinneadar coinníoll de go ndéanfaí an t-éileamh ar earraí áirithe a fhreastal as stocanna idir lámha. Dhealródh sé gur tharla trí dhearmad go ndearnadh conartha maidir le cainníochta de na hearraí sin a sholáthar, agus cuireadh in iúl don Choiste gur hiarradh cead iar-ré ón Roinn Airgeadais i leith an chaiteachais bhreise. Rinne an Coiste tagairt sna blianta roimhe seo dá riachtanaí atá sé claí go dlúth le téarmaí na gcead ón Roinn Airgeadais i leith caiteachais agus is mian leo arís an tábhacht a ghabhas leis an méid sin a chur in iúl go feidhmeanta.


18. Maidir le héileamh ar chúiteamh i leith damáiste a rinneadh d’áitreabh áirithe faid a bhí an t-arm á áitiú tairgeadh £842 0s. 9d. mar shocrú agus, maidir le suim £174 2s. 2d. den mhéid sin, do háiríodh gur dheargmhísc faoi ndear an damáiste agus fuarthas an tsuim sin ó na saighdiúirí ba chiontach. Níor glacadh leis an tairiscint agus socraíodh an t-éileamh sa deireadh trí £2,500 d’íoc, gan aon athrú a dhéanamh ar an méid a cuireadh i leith na saighdiúirí. Cuireadh in iúl don Choiste gur measadh an tsuim sin £174 2s. 2d. a bheith réasúnach ag féachaint d’imthosca uile an cháis agus glacann siad leis an tuairim sin. Dhealródh sé go mba inmhianaithe, ámh, gur ar fhoras sealadach a déanfar damáiste trí mhísc a mheisiúnú i gcásanna ná beifear tar éis dliteanas na Roinne a chinneadh go críochnaitheach, i dtreo nach ar chistí a poiblí a thitfeas muirir i leith damáiste trí mhísc nuair ba cheart an t-airgead d’aisgabháil ó na haonaid áitíochta.


(Sínithe) LIAM MAC COSGAIR,


Cathaoirleach.


10ú Nollaig, 1947.