Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1945 - 1946::10 December, 1947::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

20 Bealtaine, 1947:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó san sa Bhuan-Ordú réamhráite, an Coiste comhdhéanta de cheithre comhalta déag agus gur cúigear a bheidh mar chóram; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar bhreacacháin;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1946, a chur chun an Choiste chun iad a scrudú agus tuairisc a thabhairt orthu.


23 Bealtaine, 1947:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Seosamh Ó Blathmhaic, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Micheál Colbárd, Eamon Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin, Micheál Ó Modhráin, Máirtín Ó Suilleabháin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon Teachtaí.