Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1945 - 1946::29 May, 1947::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 29ú Bealtaine, 1947.

Thursday, 29th May, 1947.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Seosamh Ó Blathmhaic, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Micheál Colbárd, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Tairiscint déanta (Brian Ó Brádaigh):—


“That Deputy Cosgrave be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontaithe.


Do chuaidh Liam Mac Cosgair i gCeannas dá réir sin.


4. Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1945-46. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clarlann na Talún agus Clarlann na nDintiúirí, Poist agus Telegrafa Forleathadh Neamhshreangach, Rialtas Aitiúil agus Sláinte Phoiblí, Oifig an Ard-Chláraitheora, Arachas Sláinte Náisúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe.


5. Ceistníodh Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), R. Ó Croimín (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Ó Coileáin (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), T. Mac Ardghail (Rúnaí, An Roinn Sláinte), D. Ó Donnobháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), C. S. Almond agus P. Mac Enrí (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 4ú Meitheamh, 1947.