Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::21 November, 1946::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 21ú Samhain, 1946.

Thursday, 21st November, 1946.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Seosamh Ó Blathmhaic Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias Ó Lochtmáin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i gcóir na bliana 1944-45. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Cumann na Náisiún, Tionnscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Meteoraíochta, An Bínse Bóthair Iarainn, Muir-Sheirbhísí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála, Liúntais Bhídh, Liúntais Leanbhaí, Soláthairtí, Poist agus Telegrafa agus Fóirleatha Neamh-Shrangach.


4. Ceistníodh Feardorcha O Beolláin, (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eahctracha), Seán O Luideáin (Rúnaí, An Roinn Tionnscail agus Tráchtála), R. O Croimín (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), C.S. Almond, Sáirséal Ó hÓgáin agus Lughaidh Mac Gearailt (an Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.40 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 4ú Nollaig, 1946.