Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::27 February, 1946::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 27ú Feabhra, 1947.

Thursday, 27th February, 1947.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Seosamh Ó Blathmhaic, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Micheál Colbárd, Éamon Ó Cuagáin, Muiris Dockrell, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin agus Máirtín Ó Súilleabháin, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i gcóir na bliana 1944-45. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Talmhaíocht, Cúnta Airgid alos Tortha Talmhaíochta, Iascach agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Ceistníodh Seán O’ Broin (Rúnaí, Roinn Talmhaíochta), Liam Wann (Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), Sáirséal Ó hÓgáin agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Déardaoin, 14ú Bealtaine, 1947.