Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::20 November, 1946::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 20ú Samhain, 1946.

Wednesday, 20th November, 1946.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Riobárd Briscoe, Éamon Ó Cuagáin, Proinnsias Ó Lochtmáin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i geóir na bliana 1944-45. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Páipéireachas agus Clódóireacht, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Rialtas Aitiúil agus Sláinte Phoiblí. Oifig an Árd-Chlárathóra, Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Tabhartais agus Tiomanta Déirciúla agus Gealtlann Dúndroma.


4. Ceistníodh S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), T. Mac Ardghail (Rúnaí, Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Phoiblí), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Coimisinéiri Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.5 p.m. go dtí Déardaoin, 21ú Samhain, 1946.