Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1944 - 1945::07 November, 1946::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 7ú Samhain, 1946.

Thursday, 7th November, 1946.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Riobárd Briscoe, Éamon Ó Cuagáin, Muiris Dockrell, Proinnsias Ó Lochtmáin, Micheál Ó Loideáin, Micheál Ó Modhráin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i gcóir na bliana 1944-45. Críochanaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, Longlann Inis Sionnach, Scéimeanna Fostaíochta agus Sceimeanna Eigeandála, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Gárda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Breithiúnais, Clarlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí, Oifig an Aire Oideachais Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair agus Institiúid Ard-Leinn Bhaile Atha Cliath.


4. Ceistníodh Seosamh O Conghaile, (Cathaoirleach, Comisinéirí na nOibreacha Poibli), Eamon MacLóchlainn (Stiúrthóir, Oifig Scéimeanna Speisialta Fostaíochta), Stiophán de Róiste (Rúnai, An Roinn Dlí agus Cirt), Micheál Breathnach (Rúnaí, an Roinn Oideachais), C. S. Almond, Sáirséal Ó hÓgáin agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.45 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 20ú Samhain, 1946.