Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::29 November, 1945::Report

TUARASCAIL DEIRIDH.

CUID I.—NOTAI GENERALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 13ú Samhain, 1945.

CUNAIMH AIRGID ALOS TORTHA TALMHAIOCHTA.

1. Bheir an Coiste dá n-aire tuairim an Ard-Aighne ar cheist an dlí bhaineas leis an nós imeachta leanadh maidir le híoc liúntas, etc., ar thoradh déiríochta as an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasamhach). Measaid, áfach, gur riachtanach go gcuirfí in iúl don Dáil chomh luath agus is féidir cásanna den tsórt so, nuair a déantar airgead a vótáltar chun seirbhíse áirithe d’fhorlíonadh as airgead nár vótáladh. Bheirid faoi ndeara go dtaspántar sa mheastachán le haghaidh Cúnamh Airgid alos Tortha Talmaíochta don bhliain 1945-46 an tsuim a meastar a caithfear as an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasamhach) mar fhorlíonadh ar an Vóta.


AN tARM.

Easnaimh i Stórais Seirbhíse Bearraice.

2. Is maith leis an gCoiste socraithe bheith déanta a bhéarfas na suimeanna bainfear d’Aonaid Airm i leith earraí cailltear nó damáistítear agus costas na n-earraí a cuirfí ina n-áit níos gaire i gcothrom le chéile. Bheirid faoi ndeara freisin ná meastar gur ionmholta faoi láthair, iarmhar a dhéanamh de stórais neamh-úsáideacha áirithe sara ndíoltar iad ar scór an méid airgid a bheadh dá mbarr. Is tuigthe dhóibh go ndéanfar an scéal a bhreithniú ó am go ham.


Easnaimh i gCiotanna.

3. Tugann an Coiste faoi ndeara go ndearnadh socrú faoi na ceisteanna bhí gan réiteach i dtaobh cuntais a choimeád ar bhaill éadaigh agus riachtanais eile dhlíonn saighdiúirí do thabhairt suas ar imeacht as na Fórsaí dhóibh. Ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh i dtráth chuibhe na breitheanna a tugadh i dtaobh easnamh a thárla sara ndearnadh na socraithe nua san.


SCEIMEANNA EIGEANDALA SPEISIALTA.

Táirgeadh Móna le haghaidh ceanntar gan móin.

4. Bheir an Coiste dá n-aire go n-aontaíonn an tAire lena dtuairim go mb’ionmholta córas sásúil seiceála nó cigireachta oifigiúla do bheith ann i gcásanna ina gcuirtear caitheamh airgid as cistí poiblí faoi chúram ghníomhaireachta lasmuigh. Ba mhaith leo, nuair a bhéarfar breith ar an gceist, go gcuirfí an bhreith sin in iúl dóibh.


CUID II.—CUNTAIS FAOI LEITH.

Rialtas Aitiúil Agus Sláinte Poiblí.

5. Díríodh áird an Choiste ar an méid a bhain le suim £900 d’fháil thar n-ais a híocadh san iomarca le cumann maitheasa poiblí mar dheontais faoi Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932, i leith árasán áirithe do thógáil. Is féidir, faoi Alt 5 (1) (i) den Acht san, deontais d’íoc le haon chumann maitheasa poiblí a bheas ag tógáil árasán i mbailecheantar, ach, inter alia, gur idir 500 agus 800 troigh cearnach a bheas in achar urláir gach árasáin.


Do hinseadh don Choiste gurb é slí inar thárla an iomarca d’íoc nár leanadh na pleananna bhí ceadaithe, rud dá dtáinig naoi gcinn de na hárasáin a tógadh gan an t-achar urláir mar ba ghá bheith iontu; ná tug an t-oifigeach ceaptha san faoi ndeara le linn dó bheith ag déanamh a iniúchta mar go raibh cuid de na harasáin nár fhéad sé dul isteach iontu ach a thug, dá ainneoin sin, deimhniú uaidh ar an bhfoirm reachtúil ordaithe gur iniúchaigh sé gach árasán díobh; agus gurb é an cumann lenar híocadh an deontas a chuir in iúl don Roinn gur híocadh an iomarca. Dúradh gur oifigeach sealadach an t-oifigeach bhí i gceist agus gur éirigh sé as a phost ó shoin.


Cúis mhíshásaimh mhóir leis an gCoiste gur ar scór deimhnithe a fuarthas ina dhiaidh sin a bheith mí-cheart a híocadh deontas sa chás so, agus tá súil acu go nglacfar gach cúram is gá feasta dá áirthiú go mbeidh, sara n-údaraítear deontas d’íoc, gach ní déanta, comhlíonta cheanglann Achta na dTithe agus na Rialacháin faoi na hAchta san a dhéanamh agus a chomhlíonadh.


Talmhaíocht.

6. Do hinseadh don Choiste go ndearna an Roinn Talmhaíochta, tar éis du i lgcomhairle leis an Roinn Soláthairtí, suim £253,254 0s. 1d. do réamhíoc mar chúnamh airgid le déantóirí leasúchán i leith an tsaosúir leasúcháin 1943-44. Is ar mheastacháin a bunaíodh méid na réamhíoc, agus d’aisíoc na déantóirí, ina dhiaidh sin, £29,000 san iomlán. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh fospráidí amha á n-allmhuiriú ó Florida an saosúr a bhí i gceist, agus go mba rí-dheacair an costas iompair a mheas agus, fós, gur lú bhí barr-chostais áirithe bhí ar na déantóirí ná mar bhí súil leis.


I mír 8 dá dTuarascáil ar na Cuntais don bhliain 1941-42, thagair an Coiste do chúnamh airgid i leith plúir ar híocadh an iomarca dhe i gcás lenar ghabh cúrsaí cosúil le cúrsaí na gcás san thuas agus, cé go dtuigíd a dheacra bhíos sé meisiúnacht chruinn a dhéanamh ar an gcúnamh airgid is iníoctha nuair déantar réamhíocanna bhíos bunaithe ar mheastacháin, tá súil acu go ndéanfar gach uile iarracht is féidir le híocaíochta iomarcacha den tsórt so do sheachaint feasta.


Seirbhisi Iompair agus Meteoraiochta.

7. Phléigh an Coiste um Chuntais Phoiblí blianta eile ceist cuntas a choimeád ar stórais agus fearais a fuarthas le haghaidh seirbhíse Aerphoirt na Sionainne. Tá scéala ag an gCoiste anois go bhfuil córas iomlán cuntasaíochta á oibriú ó Bhealtaine, 1945. Dúradh, do mhíniú na moille móire bhain le leor-chóras a cheapadh, gur chúis deacrachta le fada, maidir le cuntais a choimeád ar stórais, uireasa cóiríochta cirte le haghaidh stóras. Ba imhaith leis an gCoiste go sonnrófaí go cruinn an prionsabal nach lú tábhachta cuntais chruinne do choimeád ar fháil agus ar eisiúin stóras a gheibhtear le haghaidh seirbhíse áirithe ná cuntais a choimeád ar an gcostas a ghaibh lena gceannach. Sa chás so níor bunaíodh go dtí le gairid, cé gur chóir gur léir baol caillteanais a bheith ann, leor-chóras chun cuntas á choimeád agus rialú á dhéanamh ar stórais a bhí a bhiodh á bhfáil agus dá n-eisiún le roinnt bhlianta. Abhar mór míshásaimh leis an gCoiste nár mheisiúnaigh an Roinn tábhacht an ní sin mar is ceart, agus ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith acu má oibríonn an córas atá anois ann mar is ceart.


Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta.

8. Faoi fhorála na nAcht um Arachas Díomhaointis, an íocaíocht i leith na dtuarastal agus na gcostas eile faoina dtéightear ag cur na nAcht i bhfeidhm is as an gCiste Dífhostaíochta nach foláir í dhéanamh agus ní foláir í chur i gcreidiúin do leithreasa-i-gcabhair ar an vóta le haghaidh Arachais Dífhostaíochta agus Cúnaimh Dhífhostaíochta. Do hinseadh don Choiste go ndeachaidh an Roinn i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais faoin nós imeachta nár mhór a leanúint chun a chinneadh cad iad na suimeanna a haistreofaí as an gCiste. Ba mhaith leis an gCoiste tuairisc bhreise fháil ar an scéal i dtráth chuibhe.


Liúntais Bhídh.

9. Foráltar leis an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Liúntais Bhídh), 1941 (An Cúigiú Leasú), 1942, sé sin, Ordú bhaineas le heisiúin chruthúnacht is ionmhalairtithe ar arán, go mbeidh, más dáta in aon tseachtain de sheachtainí sonnraithe áirithe dáta eisiúna na gcruthúnacht, fé mar atá san orthu, dhá oiread an méid aráin le fáil ag an té gheobhfas an chruthúnacht agus bheadh le fáil aige aon tseachtain eile. Tuairiscíodh don Choiste gur léirigh an t-iniúchadh, i gcásanna áirithe, nach dátaí laistigh de na seachtainí sonnraithe bhí ar chruthúnachta dob ionmhalairtithe ar na cainníochta aráin ba mhó. Míníodh nach é dáta ceart a n-eisiúna bhí ar na cruthúnachta san, ach go rabhdar i gceart thairis sin. Tuairiscíodh don Choiste freisin go n-iarrfaí ar na hoifigigh a bheadh freagarthach i gcruthúnachta do thabhairt amach bheith níos cúramaí feasta maidir leis n dátaí eisiúna do chur ar na cruthúnachta.


Cé go nglacann an Coiste leis na mínithe a tugadh dhóibh, is cúis mhíshásaimh dhóibh leo nár comhlíonadh forála an Ordaithe Reachtúil le linn na gcruthúnacht san a bheith á n-eisiúin. Measaid freisin nach féidir gan a shamhail baol a bheith ann muirear breise do thuitim ar chistí poiblí, ach, ar an scéal a mheas san iomlán, níl fúthu a mholadh gur cheart na suimeanna a cuireadh mar mhuirear ar an vóta i leith na gcruthúnacht san a dhílomháil. Tá súil acu, áfach, gur leor an méid atá á dhéanamh ag an Roinn chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar forála an Ordaithe a chomhlíonadh go beacht.


Poist agus Telegrafa.

10. Díríodh áird an Choiste ar shuimeanna £1,790 0s. 2½d., agus £2 5s. 6d. a cailleadh i ndáil le stoic chreidiúna de stampaí taisce agus de stampaí poist a thabhairt amach chun úsáide cumann coigiltis, etc. Na stocanna bheith gearr ba chúis leis na cailliúna seo, agus is cosúil gur fada an tréimhse bhí na cailliúna san ag carnadh agus ná raibh córas sásúil rialaithe i bhfeidhm. Cuireadh in iúl don Choiste gur saothraíodh dlí ar an oifigeach bhí freagarthach sna cúrsaí; gur scoradh an Príomh-Choiste Coigiltis agus gur haistríodh a fheadhma chun na Roinne Poist agus Telegrafa, agus, freisin, gur héiríodh as bheith ag tabhairt stoc creidiúna de stampaí do chumainn taisce, Ní maith leis an gCoiste go raibh tréimhse fhada ann ná raibh rialú éifeachtach i bhfeidhm, ach, mar gheall ar an mbeart a rinneadh sa chás, ní mian leo a thuilleadh a rá i dtaobh an scéil.


11. Maidir leis an tóiteán i Monarchain Oifige an Phoist an 4ú Samhain, 1942, dúradh leis an gCoiste ná dearnadh, don bhliain atá faoi bhreithniú, an céadchodán a cuirtear le costais an tsaothair dhírigh chun íoc as barrmhuirir a choigeartú nuair laghdaigh an caiteachas ar an saothar díreach mar gheall ar an laghdú sa táirgeadh de bharr an tóiteáin. Dá dhruin sin, bhí £4,251 d’easnamh ann mar gheall ar bharr-mhuirearacha, agus deir an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil an scéal á phlé leis an Roinn Airgeadais. Ba mhaith leis an gCoiste go ndéanfaí an bhreith dheiridh ar an gceist a chur in iúl dóibh.


Foirleathadh Neamhshreangach.

12. Bhí comhfhreagras idir an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an tOifigeach Cuntasaíochta i dtaobh an chórais atá ann maidir le rialú agus coimeád ceirníní gramafóin. Is é thuigeann an Coiste go bhfuil an scéal go léir á athbhreithniú d’fhonn teacht ar chóras sásúil breactha agus rialaithe a cuirfí i bhfeidhm, agus ba mhaith leo go gcuirfí toradh an athbhreithnithe in iúl dóibh i dtráth chuibhe.


Bun-Oideachas.

13. Díríodh áird an Choiste ar aoisliúntas a dheonadh, i gcás speisialta, do mhúinteoir a raibh seirbhís fhada tugtha aige i Scoil Saothair ach ar cuireadh deireadh lena sheirbhís i 1940 mar gheall ar fhoirgintí na scoile a thógaint le haghaidh cúrsaí cosanta. Cuireadh scéim nua i bhfeidhm amhail ón 1/4/..941 a thug do mhúinteoir den aicme sin sochair na Scéime Aoisliúntais a bhí de thairbhe ag Oidí Scoile Náisiúnta, ach ní raibh an duine sin i dteideal chun na sochair sin d’fháil mar ná raibh sé fostaithe mar mhúinteoir ar an dáta san. Cheadaigh an Roinn Oideachais, ina dhiaidh sin, é cheapadh ina mhúinteoir i scoil eile, cé go raibh sé, an tráth san, os cionn 65 bliana, an ghnáth-aois chun éirí as post. Tar éis tréimhse ghearr sheirbhíse cuireadh deireadh lena sheirbhís agus tugadh an pinsean san dó a deonfaí dhó, do réir mar thuigeas an Coiste, mura mbeadh deireadh a chur lena sheirbhís de dhruim a scoil a dhúnadh, ní gan choinne, mar gheall ar na fórsaí míleata do ghlacadh seilbhe ar an bhfoirgint. Mar gheall ar na cúrsaí speisialta bhain leis an gcás so, ní mian leis an gCoiste an scéal a chur níos faide, cé gur lease leo aon ghníomh a dhéanfadh Roinn agus ná déanfaí díreach do réir rialacháin na Roinne a ligean thartu gan tromachan a dheanamh ina thaobh.


Solathairti.

14. Bhreithnigh an Coiste na cúrsaí faoinar haistríodh 98,000 scair £1 sa nGael-Chomhlucht Loingis, Tta., ó Grain Importers (Éire) Ltd., chun an Aire Airgeadais ar íocaíocht ainmniúil. Is é scair-chaipital an Ghael-Chomhluchta Loingis, Tta., ná £200,000 agus é roinnte ina 200,000 scaireanna de £1 an ceann, agus thug an tOrdú Cumchachta Práinne (Uimh. 72), 1941, a rinneadh mí Márta, 1941, cumhacht don Aire Airgeadais luach £200,000 ar a mhéid de scaireanna sa Chuideachtain a ghlacadh agus foráladh leis an Ordú san gur as airgead a sholáthródh an tOireachtas a híocfaí an t-airgead go léir a theastódh ón Aire ó am go ham chun íocaíocht do dhéanamh leis an gCuideachtain ba ghá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a shuibscríofadh sé nó a thógfadh sé faoin Ordú. Cheannaigh an tAire, faoin Ordú san, luach tuairim £102,000 de scaireanna, agus cuireadh an tsuim a theastaigh chuige ar fáil trí vóta den Oireachtas i 1941-42—Uimh. 74 Loingseoireacht. Rinne Grain Importers (Éire), Ltd., an fuílleach, £98,000, de na scaireanna a heisiúnaíodh a cheannach as an airgead breise a bhí ar láimh acu agus a caithfí, mura mbeadh san, do laghdú an chúnaimh airgid le haghaidh plúir dob iníoctha as airgead vótálta. Ina dhiaidh sin, rinneadh, ar ordachán ón Roinn Airgeadais, an 98,000 scar a bhí i seilbh Grain Importers (Éire), Ltd., d’aistriú chun an Aire ar íocaíocht ainmniúil.


Dúradh leis an gCoiste gur comhlucht sealadach é Grain Importers (Éire), Ltd., agus go bhforálann a Mheamram agus Airteagail Chomhlachais go ndéanfar, ar é bheith á fhorceannadh, a bharrachas sócmhainní do thabhairt suas don Aire Airgeadais chun tairbhe an Stát-Chiste. Measann an Coiste, áfach, ná raibh aon cheart ann an socrú san a chur i ngníomh roimh a am agus go mba chóir déanamh díreach do réir téarmaí an Ordaithe Chumhachta Práinne a bhí i gceist. Dá leantaí díreach de théarmaí an Ordaithe sin is é déanfaí an t-airgead a theastaigh chun an ceannach a dhéanamh d’fháil as airgead a vótálfaí agus an beart a chur in iúl don Dáil ar an gcuma san mar rinneadh roimhe sin i gcás na scar a cheannaigh an tAire Airgeadais an chéad uair. Dá mba ar a gcuma san a déanfaí nithe, bheadh an t-airgead a fuair Grain Importers (Éire), Ltd., as na scaireanna le caitheamh láithreach chun laghdú do dhéanamh ar an gcúnamh airgid le haghaidh plúir.


An tArm.

15. Foráltar leis na rialacháin a bhaineas leis an gcás so ná déanfar liúntas airgid lóin d’íoc le hoifigigh a mbeidh liúntas i bhfoirm lóin, nó liúntas cothaithe do réir ráta oíche á fháil acu, agus cuireadh cásanna áirithe i bhfáth ina ndearnadh íocaíochta in aghaidh tréimhsí a ndearnadh liúntas i bhfoirm lóin nó liúntas cothaithe do réir ráta oíche a thabhairt ina leith. Dheallraigh sé go raibh deimhnithe ó na hoifigigh féin, agus iad contra-shínithe ag na ceathrúnaigh faoi seach, i dtacaíocht leis na héilithe ar na híocaíochta san á dheimhniú ná fuarthas liúntas i bhfoirm lóin ná liúntas cothaithe in aghaidh na dtréimhsí úd. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuarthas thar n-ais na suimeanna sa bhreis a híocadh agus bheirid dá n-aire gur deimhin leis na húdaráis mhíleata, tar éis an cúrsa do bhreithniú, gur go macánta agus gan aon fhonn calaoise do thug na hoifigigh na deimhnithe sin uathu. Bheirtear faoi ndeara go bhfuil foirm nua dheimhnithe á chur in úsáid ina bhfuil dearbhú níos cruinne. Measann an Coiste go mba cheart, ag féachaint do na suimeanna móra a híoctar as cistí poiblí ar fhoras deimhnithe ó oifigigh mhíleata, a mheabhrú do na hoifigigh sin a riachtanaí atá sé a áirithit aon deimhnithe bhéarfaid uathu a bheith fíor-chruinn.


16. Maidir le baill éadaigh a soláthraíodh do na Fórsaí don bhliain atá faoi bhreithniú, cheadaigh an Roinn Airgeadais pé baill éadaigh sa bhreis a cheannach ba leor, ar iad a chur leis an méid a bhí ar láimh agus áireamh a dhéanamh ar bhaill éadaigh bhí ordaithe ach ná raibh faighte—an 1ú Aibreán, 1943, go ceann bliana ón dáta san, don líon a measadh a bheadh sna Fórsaí. Dheallraigh sé, ámh, gur ar fhoras na méide go léir a bheadh ag teastáil don bhliain sin, lúide an méid a measadh a bheadh ar láimh an 1ú Aibreán, do rinneadh na connartha, ach, ar a shon san, gur mó go mór na stocanna, i gcás earraí áirithe, bhí ar láimh i dtosach na bliana ná an méid a measadh a bheadh agus a cuireadh san áireamh nuair bhí riachtanais na bliana á ríomh. Mar gheall air sin, is mó i bhfad an méid a ceannaíodh ná mar d’údaraigh an Roinn Airgeadais. Dúradh leis an gCoiste go ndearnadh an cúrsa do choigeartú trí mhodhnú do dhéanamh ar na héilithe do bhlianta ins dhiaidh sin. Is mian leo, ámh, a dhéanamh soiléir a thábhachtaí leo a riachtanaí atá sé déanamh do réir aon choinníll a chuirfidh an Roinn Airgeadais le haon chead a bhéarfaid le haghaidh caiteachais.


17. Maidir le hoibreacha dreidearachta cuain a glacadh de láimh i rith na bliana, fuarthas ceadú na Roinne Airgeadais chun dreidire d’fhostú go ceann sé mhí ar £30 cíosa sa tseachtain agus do measadh go n-aistreofaí tuairim 1,000 tonna grin gach seachtain. Sarar glacadh leis an dreidire do hiniúchadh í ar a snámh, ach, nuair do rinneadh an chuid faoina snámh di d’iniúchadh tar éis í sheachadadh, do fuarthas lochtaí áirithe inti; chosain a ndeisiú san £100 agus bhí an t-árthach díomhaoin dá dhruim ar feadh níos mó ná dhá mhí. Toisc gur raibh sé i dtéarmaí an chomhaontaithe fhostaithe go ndéanfaí an t-árthach d’iniúchadh sara ndéanfaí í do sheachadadh agus go ndlífí an cíos d’íoc pé acu bheadh an dreidire á húsáid nó ná beadh, cinneadh an Roinn a bheith freagarthach i gcostas na ndeisithe d’íoc maraon le cíos in aghaidh na tréimhse a raibh na deisithe á ndéanamh. Dheallraigh sé, ó thuarascála do cuireadh isteach i ndeireadh na tréimhse fostaithe, ná haistríodh ach 2,600 tonna grin agus gurbh é méid an chostais, maraon le costas oibrithe, a bhí ag gabháil leis sin ná £1,174.


Ní féidir leis an gCoiste a rá go bhfuilid sásta leis na socraithe do rinneadh i dtaobh an chúrsa so. D’ainneoin gur cuireadh i dtuigsin do na húnaerí, nuair bhí an comhaontú á dhéanamh, ná beadh cíos iníoctha in aghaidh aon tréimhse nár bhféidir an dreidire d’oibriú ar a feadh mar gheall ar chúinsí neamhghnáthacha ná beadh aon neart ag an Aire orthu, deallraíonn sé nár bhféidir na cúinsí neamhghnáthacha sin a mhíniú go cruinn agus, dá bhrí sin, nár cuireadh aón choinníoll den tsórt san sa chomhaontú. Níor tráchtadh, ach oiread, ar choinníoll a chur sa chomhaontú a chosnódh an Roinn ar dhliteanas chun aon lochtaí nár tugadh faoi ndeara do leigheas, mar measadh, de thoradh an scrúdaithe ghenerálta rinneadh ar an árthach ar a snámh di, go raibh an chuid faoina snámh di i direo mhaith freisin.


Tráchtadh go raibh árthach eile ann d’fhéadfaí d’fhostú ar chíos i bhfad níos lú, ach measadh ná riabh sí sin oiriúnach toisc gur gléas scram-dhreidearachta amháin a bhí uirthi agus gur measadh gur ar an modh súraic ab éifeachtúla a déanfaí an obair.


Bhí an t-árthach a fostaíodh gléasta chun oibre ar an dá mhodh ach dheallraigh sé nár bhfhéidir, mar gheall ar chúiseanna teicniúla, an gléas súraic d’úsáid, agus dúrathas nár bhféidir teacht ar an eolas san ach amháin nuair a bheadh an obair ar siúl.


Ag féachaint don méid ba mhó aonad-chostas na n-oibreacha ná mar bhí súil leis nuair cuireadh na molta faoi bhráid na Roinne Airgeadais, ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dóibh cé acu fuarthas nó ná fuarthas cead díonach ón Roinn sin chun dul faoin gcostas faoina ndeachthas.


18. Rinneadh tagairt freisin do stóranna áirithe do ceannaíodh le haghadh críocha generálta don Arm i rith na bliana d’ainneoin stóranna dá leithéid a bheith ar láimh a ceannaíodh i leith scéime um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ar héiríodh aisti. Cuireadh in iúl don Choiste gur cinneadh, mar bheartas, na stóranna i gcóir réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar a choinneáil agus, mar sin, ní déarfaid éinní i dtaobh na stóranna san a cheannach. Is mian leo, ámh, go ndéanfar na stocanna bhíos ar láimh d’fharasbarr d’úsáid nó do chur de láimh nuair is féidir é.


19. Deontas a híocadh, faoi Alt 46 den Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939, le gnóthaire riachtanach is comhlucht poiblí bunaíodh é ar an méid do chaith an Comhlucht ar pháigh agus ar chomhabhar maraon le 66 2/3 faoin gcéad den bhille páighe i leith barrchostais. Na rialacháin a bhaineas le ceadú caiteachais den tsórt san chun críocha deontais—na Rialacháin um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar (Caiteachas Gnóthairí Riachtanacha do Cheadú), 1940 (Rialacha agus Ordaithe Reachtúla, Uimh. 180 de 1940)— forálaid ná haithneofar mar chaiteachas ach amháin caiteachas glan faoina raghfar iarbhír agus go sonnruch maidir le cúrsa is cuid de scéim ghnóthaire riachtanaigh, agus do fiafraíodh ar bhrabús aon chuid den bhreis airgid a ceapadh i leith barrchostais. Dúradh leis an gCoiste maidir leis an méid faoin gcéad a cuireadh leis an muirear páighe nár leor é ach chun costas cothabhála generálta agus costas riaracháin d’íoc, agus ná raibh brabús dá laghad ina chuid de. Ag féachaint, ámh, do théarmaí an ordaithe iomchuibhe ná lomhálann aon chostas a cheadú ach amháin costas díreach faoina raghfaí iarbhfír, tá beagán amhrais ar an gCoiste i dtaobh ar cheart aon bharrchostas den tsórt san a chur san áireamh chun críocha an deontais agus ba mhaith leo tuairimí an Aire Airgeadais ar an gceist d’fháil.


Oibreacha Poibli agus Foirginti.

20. Cuireadh cás in iúl don Choiste ina ndearna connarthóir mainneachtain tar éis dó tuilleadh ama d’fháil chun a chonnaradh do crhíochnú agus ar Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí d’fháil chomhairle go mba scaoileadh óna n-oblagáidí d’urraithe an chonnarthóra gan na hurraithe sin d’fháil scéala ar an athrú san ar ar théarmaí an chonnartha gur aontaigh na Coimisinéirí 2s. 6d. sa tseachtain a ghlacadh ón gconnarthóir in íoc timpeall £300 a bhíodar a éileamh air. Do hinseadh do na Coimisinéirí ina dhiaidh sin go mb’fhéidir nár thuairim mhaith an chéad tuairim dlíodóra fuaireadar agus a ndearnadar gníomh dá réir, ach gur scaoil an chomhréiteach na hurraithe óna n-oblagáidí ar aon chuma. Dhligh an connarthóir a rinne an mhainneachtain sin £59 16s. 0d. de na Coimisinéirí faoi chonnradh eile, ach is é an chomhairle fuarthas ó dhlíodóir nach raibh aon cheart ag na Coimisinéirí an tsuim sin a choinneáil in éiric a n-éilimh mar ná raibh críoch lena chúrsaí ag an am san. Bheir an Coiste faoi ndeara, ámh, go mb’éigin do na Coimisinéirí, ar an dáta ar ar híocadh an £59 16s. 0d., dul oiread na suime sin ar a laghad faoi chostas breise mar gheall ar mhainneachtain an chonnarthóra.


Is é tuairim an Choiste gur tábhachtach an ní é gan aon amhras a bheith ann faoi na ceisteanna dlí bhaineas leis an gcás so, agus measaid gur ceart tuairimí na gcomhairleoirí dlí d’fháil ina dtaobh.


(Sínithe) LIAM MAC COSGAIR,


Cathaoirleach.


29ú Samhain, 1945.