Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::17 May, 1945::Report

TUARASCÁIL INTERIM.

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh féna mbráid agus tá aontaithe acu leis an Tuarascáil interim seo leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1944, fé chaiteachas de bhreis ar an méid do vótáil an tOireachtas alos an vóta luaitear anso ina dhiaidh seo:—


RÁITEAS AR AN IOMARCAÍ.

Ráiteas ar an suim is gá do vótáil chun iomarcaí ar an Deontas i gcóir Aoisliúntas agus Liúntas Fágála do shlánú.


An Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimh. an Vóta

Teideal

An Bhreis atá ag an gCaiteachas ar an Meastachán Iomlán

Méid an Easnaimh sna Leithreasa i gCabhair

An Méid atá le Vótáil

 

 

 

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

57

16

Aoisliúntais agus Liúntais Fágála

2,545

0

7

105

16

2

2,650

16

9

Is gá ceadú an Oireachtais i gcóir na suime seo. Is é fé ndear an t-iomarcaí ná an caiteachas as fo-mhír B do bheith níos mó ná mar a bhí coinne leis sa ráithe deiridh den bhliain airgeadais.


Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinne an tsuim seo do sholáthar trí vóta iomarcaí.


(Sínithe) LIAM COSGRAVE,


Cathaoirleach.


17ú Bealtaine, 1945.