Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::17 May, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17ú Bealtaine, 1945.

Thursday, 17th May, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Brian O Brádaigh, Pádraig Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin, Séamus Pattison agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Tairgsin déanta (Pádraig Mac Gothraidh):—


“That Deputy Cosgrave be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontaithe.


Do chuaigh Liam Mac Cosgair i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1943-44. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, An Saotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hÉireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Fágála, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Seicréideach, Costais fán Acht Timpeal Toghachán agus fá Acht na nGiúirithe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Ollscoileanna agus Coláistí, Bainistí Stoc Rialtais, Oifig Thaighde Eolaíochta Ré na Práinne, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht) Cúiteamh alos Díobháil Pearsanta (Síbhialtaigh), Fóirthin ar Ghátar agus Aisíocanna leis an gCiste Teagmhais.


5. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Interim faoi bhráid an Choiste; do léadh í mar an gcéad agus an dara uair hagus do ritheadh í.


Ordaithe: Tuairisciú dá réir sin.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 30ú Bealtaine, 1945.