Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::17 May, 1945::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

2 Bealtaine, 1945:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí do cheapadh; go mbeidh, d’ainneoin éinní contrártha dhó san san mBuan-Ordú réamh-ráite, an Coiste comhdhéanta de cheithre comhalta déag agus gur cúigear a bheidh mar chuoram; agus gurab é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar bhreacacháin;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31ú Márta, 1944, do chur chun an Choiste chun iad do scrudú agus tuairisc do thabhairt orthú.


4 Bealtaine, 1945:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Brian O Brádaigh, Seán O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Riobárd Briscoe, Pádraig Ua Cuagáin, Eamon Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Liodáin, Máirtín O Suilleabháin Séamus Pattison agus Liam Sheldon Teachtaí.